Skip to main content

Conradh na Gaeilge agus ceist na hÉireann Aontaithe


Comhthéacs

Ritheadh sraith rún ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste (2026) a leag síos mandáid dhaonlathach don eagraíocht seasamh a ghlacadh ar Éire Aontaithe. Thíos, tá achoimre ar na rúin, mar aon leis na craobhacha a mhol na rúin thíos:

  • Coiste Ceantair Bhéal Feirste

    Faoi Alt 3 (i), cuir isteach an cuspóir nua seo a leanas:

    (j) Gníomhú i dtreo Éire aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

  • Craobh 1916

    Aithníonn an Ard-Fheis seo gur teanga náisiúnta uile-oileánda í an Ghaeilge agus go bhfuil leas agus todhchaí na teanga ceangailte le struchtúir pholaitiúla, riaracháin agus oideachais na tíre. Aithníonn an Ard-Fheis seo gurb í príomhfheidhm na heagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar phríomh-theanga labhartha na tíre agus go bhféadfaí cosaint, forbairt agus normalú níos láidre don Ghaeilge a bhaint amach i gcomhthéacs Éire aontaithe, bunaithe ar chomhionannas, ar mheas frithpháirteach agus ar chearta teanga do chách. Mar gheall air sin, aontaíonn an Ard-Fheis seo go nglacfaidh Conradh na Gaeilge seasamh oscailte agus dearfach i leith Éire aontaithe mar rogha a d’fhéadfadh tairbhe shuntasach a thabhairt don Ghaeilge.

  • Craobh Liú na Laoi

    Aontaíonn an Ard-Fheis seo gur cheart do Chonradh na Gaeilge seasamh soiléir a thógaint ar Éire Aontaithe. Mar eagraíocht náisiúnta, ní mór don Chonradh an fód a sheasamh do Ghaeil na 6 chontae agus aontú gur bac ar shaoirse chultúrtha agus ar chearta teanga é an nasc polaitiúil leis an mBreatain Mhór. Aontaíonn an Ard- Fheis freisin, áfach, gur ceist í Éire Aontaithe a d’fhéadfadh feidhmiú chun leas cheithre chneasa na tíre. Go deimhin, d’fhéadfadh Éire Nua deis nach bhfacthas riamh a chur ar fáil don nGaeilge agus don nGaeltacht. Ba cheart dá bharr sin do Chonradh na Gaeilge – mar ionadaí daonlathach ar ár bpobal – ról níos lárnaí a imirt i dtreascairt na críochdheighilte.


Tháinig na rúin seo sna sála ar rúin a ritheadh ag Ard Fheiseanna de chuid an Chonartha roimhe seo:

  • Craobh Ghlór na Móna (2019)

    ‘Tuigtear go forleathan go bhféadfaí athruithe móra a bheith in Éirinn, thuaidh agus theas, i ngeall ar thoradh an Bhreatimeachta. D’fhéadfadh, amach anseo, Éire Aontaithe a bheith ann trí reifreann/vóta teorann agus má tharlaíonn sé seo beidh impleachtaí móra ann don Ghaeilge in Éirinn. Is léir ón méid a thit amach go dtí seo ná chóir an plé seo a fhágáil go dtí an nóiméad deiridh agus molann an Ard-Fheis seo gur cheart tús a chur le plé ar an áir a bheadh ag an Ghaeilge i sochaí nua uile-Éireann.’

  • Craobh Ghlór na Móna (2022)

    Aontaíonn an Ard-Fheis go bhfuil an comhrá ag bailiú nirt ar stádas bunreachtúil na tíre agus na socruithe a d’fhéadfadh a bheith againn amach anseo. Díreofar níos mó air seo sa bhliain amach romhainn agus tá ár ról féin le himirt againn agus ár n-éilimh ar chearta teanga a mhéadú in aon chomhráite maidir le ‘hÉire Nua’. Molann an Ard-Fheis an tsraith seimineár atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge maidir le ‘An Ghaeilge agus #ÉireNua’ agus go leanann siad ar aghaidh sa bhliain amach romhainn.

  • An Líonra Alumni (2023)

    Molann an Ard-Fheis go mbunófaí coiste chun tuarascáil a réiteach do Chonradh na Gaeilge ar cheist stádas bunreachtúil na Gaeilge i gcás Éireann Aontaithe, ag eascairt as an gcomhdháil a reáchtáil an Conradh ar an ábhar in Deireadh Fómhair 2021. Ar théarmaí tagartha an choiste bheadh:

    • Grinnscrúdú ar sheasamh reatha na Gaeilge sa dlí ó thuaidh is ó dheas 
    • Staidéar comparáideach idir Éire agus tíortha eile dátheangacha 
    • Foráil bunreachta i dtaobh chúrsaí teanga a dhréachtú. 

    Molann go gceapfadh an Coiste Gnó baill an choiste seo gan mhoill, go mbeadh an coiste chomh hionadaíoch agus is féidir agus tarraingt aige ar shaineolas dlí. Molann chomh maith go mbeadh an tuarascáil réidh le cur faoi bhráid na hArd-Fheise in 2024 ionas go mbeadh ar chumas an Chonartha seasamh aontaithe soiléir a thógaint ar cheist seo na Gaeilge sa phlé náisiúnta atá ar siúl i dtaobh athaontaithe.


Ó shin i leith, tá neart oibre déanta ag an eagraíocht chun feidhm phraiticiúil a thabhairt do na rúin ar fad thuasluaite, agus tá ionadaíocht leathan déanta ag urlabhraithe de chuid na heagraíochta ag ócáidí agus seimineáir fud fad na hÉireann ag plé na ceiste áirithe seo. Ina measc;

  • D’eagraigh Conradh na Gaeilge sraith seimineár faoin téama ‘Éire Nua agus an Ghaeilge: Deiseanna agus Dúshláin in Éirinn Aontaithe’.
  • Labhair iar-Uachtarán de chuid Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, ag ócáid Ireland’s Future i mBaile Átha Cliath;
  • Rinne Róisín Nic Liam, ball de chuid na heagraíochta, ionadaíocht ar an eagraíocht ag comhdháil an Choiste um Riar an Chirt ar chearta teanga in Éirinn Aontaithe;
  • Labhair Róisín Ní Chinnéide ag tionól pobail Shinn Féin ar cheist na Gaeltachta in Éirinn Aontaithe;
  • Eagraíodh Seimineár Thionól Gaeltachta an Chonartha in 2023 agus 'An Ghaeltacht in Éirinn Aontaithe' mar théama;
  • Ag Ard Fheis 2026, eagraíodh paineál cainte le hionadaithe ón Chatalóin, ón Bhreatain Bheag agus ó Thír na mBascach dar teideal ‘Ról Ghluaiseachtaí teanga i bhfeachtais neamhspleáchais’

Chuige sin, i gcomhpháirt le hOllscoil na Banríona, Béal Feirste, rinne Conradh na Gaeilge coimisiniú ar phíosa cuimsitheach taighde dar teideal  ‘Éire Aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht | A United Ireland: A Transformative Opportunity for the Irish language and the Gaeltacht’.

Tá an taighde scríofa ag Róisín Nic Liam agus déanann sé iniúchadh ar an díospaireacht reatha ar ról, deiseanna agus dúshláin na Gaeilge in Éirinn Aontaithe. Rinneadh an taighde a sheoladh ar an 5ú Bealtaine 2026 in Ollscoil na Banríona agus is féidir cóip den taighde a léamh ANSEO.

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.