Skip to main content

Sábháil Cúrsa Gaeilge in Ollscoil Uladh, Béal Feirste (2015)


#SábháilBéalFeirste5 bhealach chun cuidiú leis an fheachtas leis an chúrsa Gaeilge in Ollscoil Uladh Béal Feirste a shábháil

  1. Sínigh agus roinn an achainí ar change.org

  2. Bí páirteach san fheachtas pictiúr ar na meáin shóisialta

    • Úsáid #SábháilBéalFeirste #SaveIrishUUB
    • Seol teachtaireacht Twitter chuig @UlsterUni agus @CnaG

  3. Scríobh litir nó ríomhphost chuig Ollscoil Uladh

    • Tá litir shamplach Ollscoil Uladh ar fáil anseo
    • An tOllamh Paddy Nixon: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
    • An tOllamh Alastair Adair: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

  4. Déan stocaireacht ar d’fheisire áitiúil

  5. Scríobh aighneacht don chomhairliúchán DEL idir seo agus 30 Deireadh Fómhair 2015 chun soláthar fadtéarmach don Ghaeilge a bhuanú ag an tríú leibhéal

Cúlra an fheachtais:

Ollscoil UladhTá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Ollscoil Uladh, agus ar an Aire Fostaíochta agus Foghlama, Stephen Farry CTR, dul siar an gcinneadh a rinneadh i mhí Mheán Fómhair 2015 le deireadh a chur leis an chéim lánaimseartha Gaeilge BA ar champas Bhéal Feirste, cúrsa a bhfuil an-éileamh air i dtaobh freastail agus sástachta araon.

Ofrálann Ollscoil Uladh an chéim lánaimseartha BA sa Ghaeilge ar champas Bhéal Feirste agus ar Champas Mhig Aoidh faoi láthair. Cuireadh tús leis an chéim lánaimseartha i mBéal Feirste sa bhliain acadúil 2012/13 agus bhí ráchairt ollmhór ar an chúrsa ó shin i leith. Tá cead ag Scoil Theanga agus Litríocht na Gaeilge cohórt le huasmhéid 20 a ghlacadh isteach in aghaidh na bliana – bhí 19 de mhic léinn ar an chúrsa in 2012/13, in ainneoin nár fógraíodh an cúrsa ach tamall gairid roimh an dáta tosaigh; d’éirigh leo 100% dá gcuid spásanna a líonadh in 2013/14, 2014/15 agus 2015/16; agus bhí 56 iarrthóir ar lorg áite ar an chúrsa lánaimseartha i mBéal Feirste i mbliana, rud a léiríonn an bearna a fhágfar sa chathair ón bhliain seo chugainn ar aghaidh má leantar leis an chinneadh seo. Léiríonn na staitisticí go raibh ag éirí go fíor-mhaith leis an chúrsa, i dtaobh mhéid an chohóirt agus shástacht an mac léinn araon.

Tuigeann Conradh na Gaeilge go bhfuil ciorraithe móra le déanamh ag Ollscoil Uladh mar gheall ar laghdú maoinithe ón Roinn Fostaíochta agus Foghlama, ach ní dhéanann sé aon chiall fáil réidh le cúrsa a bhfuil rath air agus a bhfuil an spriocmhargadh dó ag méadú go bliantúil le fás na Gaelscolaíochta ó thuaidh agus spéis sa Ghaeilge sa phobal trí chéile. Tá an Conradh ag éileamh ar Ollscoil Uladh, agus ar an Aire Fostaíochta agus Foghlama, Stephen Farry, dul siar ar an chinneadh seo, agus tá an eagraíocht ag lorg cruinnithe leo gan mhoill leis an cheist a phlé go práinneach. Ráiteas iomlán ar fáil anseo.

Bí páirteach. Bí glórach. Bí gníomhach.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.