Skip to main content

Coláistí Samhraidh


Na Coláistí Samhraidh sa Ghaeltacht

Irish-speaking areas in the North to receive official recognition for the  first time

 

Tacaíonn Conradh na Gaeilge go mór mór le cur chun cinn na gColáistí Samhraidh sa Ghaeltacht. Aithníonn muid an ról lárnach a imríonn na Coláistí Samhraidh i gcur chun cinn na Gaeilge agus an tionchar a imríonn siad i gcaomhnú agus i bhforbairt na teanga sna ceantair féin. 

Aithníonn an Conradh, áfach, go bhfuil brú mór ar earnáil na gColáistí Samhraidh i láthair na huaire, agus go bhfuil tacaíocht ollmhór de dhíth ar na Coláistí agus ar na coistí bainistíochta chun an earnáil a chosaint agus a fhorbairt.

In 2013 rinne Ionad na dTeangacha, OÉ Má Nuad taighde cuimsitheach do COGG maidir le tionchar na gColáistí Samhraidh. Tá an taighde sin ar fáil anseo: https://www.cogg.ie/wp-content/uploads/tionchar-na-gcolaisti-gaeilge-ar-an-teanga-agus-ar-phobal-na-gaeltachta-samhain-2013.pdf

Sa bhreis air sin, rinne Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tuairisc / tuarascáil ar an cheist chéanna: Todhchaí na gColáistí Samhraidh Gaeilge agus an Tacaíocht atá á hiarraidh ina Leith (Meán Fómhair 2021). Tá torthaí an taighde sin ar fáil anseo: https://data.oireachtas.ie/ie/oireachtas/committee/dail/33/comhchoiste_na_gaeilge_na_gaeltachta_agus_phobal_labhartha_na_gaeilge/submissions/2021/2021-09-27_tuarascail-ar-thodhchai-na-gcolaisti-samhraidh-gaeilge-agus-an-tacaiocht-ata-a-hiarraidh-ina-leith_en.pdf

I measc na moltaí atá ag Conradh na Gaeilge maidir leis na Coláistí Samhraidh, luaitear:

  • Taighde a dhéanamh chun na fadhbanna / dúshláin ghearrthéarma (2022), meántéarma (2023-2025)  agus fadtéarma a aithint (2026-2032);
  • Moltaí eatramhach do shamhradh 2022 agus moltaí ó 2023 go 2032 ar aghaidh ag éirí as an taighde a ullmhú;
  • Na céimeanna ar gá a ghlacadh chun mná tí a choinneáil san earnáil agus mná agus fír tí nua a mhealladh. San áireamh anseo ní mór go mbeadh eolas soiléir ar fáil faoina tacaíochtaí atá ar fáil do mhná tí, go háirithe do theaghlaigh atá ag iarraidh tosú ag glacadh le mic léinn;
  • Na tacaíochta atá de dhíth do Choláistí beaga chun cur ar a gcumas leanúint ar aghaidh I mbun na gColáistí sin;
  • Forbairtí breise don earnáil a aithint, mar shampla, go mbeidh deis ag gach dalta iar-bhunscoile freastal ar Choláiste Samhraidh ar a laghad uair amháin ina s(h)aol.
  • Deis chun cúrsaí breise a eagrú i rith na bliana;
  • Na deiseanna chun cúrsaí a eagrú do ghrúpaí eile seachas mic léinn iar-bhunscoile, mar shampla cúrsaí forbartha scileanna Gaeilge do dhaoine sa státchóras;
  • Mura dtugtar faoina ceisteanna seo anois is léir go bhfuil tubaiste in ann d’earnáil na gColáistí Samhraidh.

Is féidir liosta iomlán na gColáistí a fheiceáil ar shuíomh idirlíon CONCOS anseo: https://www.colaistigaeilge.ie/

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.