Skip to main content

An Chairt Eorpach & COMEX


An Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh

& Coiste na Saineolaithe (COMEX)

Dhaingnidh Rialtas na Breataine an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh in 2001. Tá an Ghaeilge aitheanta agus cosanta faoin Chairt suas le Cuid 3. 

Is coinbhinsiún idirnáisiúnta í an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (an Chairt) arb aidhm di teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a chosaint agus a chur chun cinn mar ghné d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa atá faoi bhagairt. Ar an ábhar seo, chomh maith le halt neamh-leithcheala a bhaineann le húsáid na dteangacha seo24, tá foráil ann i leith bearta a thairgeann tacaíocht ghníomhach dóibh. ‘Is ar an dóigh seo amháin ar féidir na teangacha seo a chúiteamh, nuair is gá, as dálaí neamhfhabhracha san am atá caite agus iad a chaomhnú agus a fhorbairt mar ghné d’fhéiniúlacht chultúrtha na hEorpa.’

Cuirtear chun cinn sa Chairt cur chuige ilchultúrtha maidir leis na teangacha a chosnaítear inti. Is iad a cuid aidhmeanna, a bhfuil tionchar acu ar an tuairisc seo, cultúr a chruthú ina n-éiríonn le teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a bheith beo i gcuideachta a chéile agus i gcuideachta mhórtheangacha an Stáit.

Socraítear, sa Chairt, comhphrionsabail láir, atá leagtha amach i gCuid II, a bhaineann le gach teanga réigiúnach nó mhionlaigh. I gCuid III den chairt, tá sraith forálacha sainiúla a bhaineann le hionad teangacha réigiúnacha nó mionlaigh i gcodanna éagsúla de shaol an phobail. Faoi Chuid III, ‘tá de shaoirse ag stáit aonair, laistigh de shrianta áirithe, cinneadh a dhéanamh faoi cé acu de na forálacha a bhainfidh le gach teanga a labhraítear taobh istigh dá dteorainneacha’.

Rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe (RA) an Chairt a dhaingniú i Márta 2001 agus d’aithin oibleagáidí leis an Ghaeilge, a bhfuil stádas Chuid III aici, a chosaint agus a chur chun cinn. Tá sé airteagal is tríocha faoin Chairt roghnaithe ag Rialtas na RA lena chinntiú, a oiread agus is féidir, ar bhonn réasúnta, go n-úsáidfear an Ghaeilge san oideachas agus sna meáin agus a húsáid a cheadú i gcomhthéacsanna breithiúnacha agus riaracháin, sa tsaol eacnamaíochta agus shóisialta agus i ngníomhaíochtaí cultúrtha.

D’fheidhmigh an Roinn Cultúir, Ealaín agus Fóillíochta mar chathaoirleach agus chuir siad rúnaireacht ar fáil do Ghrúpa Idir-rannach um Fheidhmiú na Cairte a mhaoirsíonn feidhmiú na Cairte ag na ranna agus a chomhordaíonn ionchur i dtuairiscí tréimhseacha le Comhairle na hEorpa ar dhul chun cinn an fheidhmithe le Comhairle na hEorpa. Níor tháinig an grúpa sin le cheile ó tháinig an Roinn Pobal ar an saol in 2016.

Ach in 2016 féin d'fhoilsigh an Roinn Pobal an treoirchaipéis seo a leanas maidir le cur i bhfeidhm na Cairte: https://www.communities-ni.gov.uk/publications/guidance-european-charter-regional-or-minority-languages

Tomhaiseann Coiste Saineolaithe (COMEX) de chuid Chomhairle na hEorpa dul chun cinn ar fheidhmiú na Cairte gach trí bliana. I ndiaidh a gcuairte i Meán Fómhair 2009, mhol COMEX go ndéanfadh údaráis na RA tosaíocht de ‘glacadh chuige féin agus feidhmiú polasaí cuimsitheach Gaeilge, agus an dóigh is fearr ná trí reachtaíocht a rith’.

Is féidir an Chairt Eorpach a léamh anseo: https://rm.coe.int/1680695175

Is feidir tuarascálacha COMEX maidir le cur i bhfeidhm na Cairte a léamh anseo: https://www.coe.int/en/web/european-charter-regional-or-minority-languages/reports-and-recommendations#{%2228993157%22:[24]}

Is féidir na tuarscálacha féin a aimsiú de réir bliana anseo:

 Tuairisc      Tuairisc ó Rialtas na Breataine Tuairisc ó COMEX (Coiste na Saineolaithe)   Tuairisc ó Choiste na nAirí
 (1) 2002  https://rm.coe.int/16806d83ad  https://rm.coe.int/16806dbae1  https://search.coe.int/cm/Pages/result_details.aspx?ObjectId=09000016805dd699
 (2) 2005-6  https://rm.coe.int/16806d83db  https://rm.coe.int/CoERMPublicCommonSearchServices/DisplayDCTMContent?documentId=09000016806dbb41 https://search.coe.int/cm/Pages/result_details.aspx?ObjectId=09000016805d60ba 
 (3) 2009-10  https://rm.coe.int/16806f0f0a  https://rm.coe.int/CoERMPublicCommonSearchServices/DisplayDCTMContent?documentId=09000016806dbb43  https://search.coe.int/cm/Pages/result_details.aspx?ObjectId=09000016805cf339
 (4) 2013-14  https://rm.coe.int/16806f0f0b  https://rm.coe.int/CoERMPublicCommonSearchServices/DisplayDCTMContent?documentId=09000016806dcc8d https://search.coe.int/cm/Pages/result_details.aspx?ObjectId=09000016805c6ac7 
 (5) 2018-20

 https://rm.coe.int/ukpr5-en-revised/168077fb40 

agus

 https://rm.coe.int/ukiria5rev-en/1680a0eef6

https://search.coe.int/cm/Pages/result_details.aspx?ObjectId=0900001680948544

agus

https://rm.coe.int/ukevaliria5-en/1680a287e0 

https://search.coe.int/cm/pages/result_details.aspx?objectid=09000016809ee5cf

agus

https://search.coe.int/cm/Pages/result_details.aspx?ObjectID=0900001680a2da4c 

       
       

Screenshot_2022-08-24_at_14.38.00.png

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.