Skip to main content

Ard-Fheis 2022


Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2022

Ardfheis22

Acht Gaeltacht & Oideachas
25-27 Feabhra 2022

Lámhleabhar na hArd-Fheise
Tá Lámhleabhar na hArd-Fheise 2022 ar fáil ag an nasc seo

Tá cur i láthair leis na rúin Ard-fheis ar fad ar fáil ag an nasc seo

Is féidir teacht ar Lámhleabhar na hArd-fheise ó bhlianta eile anseo

Lámhleabhar 2021| Lámhleabhar 2020 | Lámhleabhar 2019

Lóistín & Dinnéar na hArd-Fheise
Más spéis leat Lóistín a shocrú don Ard-Fheis níl mórán spás fágtha. Déan teagmháil linn trí ghlaoch ar an Ard-Oifig nó trí ríomhphost a chur chugainn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Uasdátú 16/02: Níl aon lóistín fágtha sa phríomh óstán - is féidir lóistín a shocrú le hÓstán Bhóthar na Trá https://www.salthillhotel.com/

____________________________

Reáchtálfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge in Óstán Chuan na Gaillimhe i mbliana, idir 25 - 27 Feabhra 2022. I measc bhuaicphointí na hArd-Fheise i mbliana bronnfar Gradam an Uachtaráin de Chuid Chonradh na Gaeilge ar Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, le linn Dhinnéar na hArd-Fheise, oíche Shathairn 26 Feabhra. Tabharfaidh Uachtarán Ó hUiginn óráid speisialta do theachtaí agus d’aíonna na hArd-Fheise maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. 

Oíche Aoine 25 Feabhra a chuirfear tús le himeachtaí na hArd-Fheise, áit a mbeidh díospóireacht agus plé ann idir paineál polaiteoirí. Beidh Máirín Ní Ghadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar Chathaoirleach ar an seimineár sin. Fógrófar an painéal féin go luath. 

Maidin Shathairn 26 Feabhra titfidh gnó na hArd-Fheise amach. Beidh deis ag craobhacha agus baill rúin a phlé agus clár oibre na heagraíochta a aontú don bhliain atá amach romhainn. 

I measc na rún a bheas faoi chaibidil ag Ard-Fheis 2022, luaitear ach go háirithe:

  • Rúin maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga thuaidh agus theas;
  • Rúin a dhíríonn ar cheisteanna Gaeltachta, Coláistí Samhraidh agus cúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht;
  • Rúin bunaithe ar pholasaithe oideachais, thuaidh agus theas;
  • ...agus go leor eile nach iad.

Dé Sathairn 26 Feabhra fosta beidh neart imeachtai eile ag tarlú mar chuid d’imeachtaí #AFCnaG. Ina measc, seolfar Seachtain na Gaeilge le Energia sa phobal, agus reáchtálfar Tionól na Mac Léinn in Áras na nGael. 

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is cúis ollmhór onóra dúinn go mbeidh Gradam an Uachtaráin de Chuid Chonradh na Gaeilge le bronnadh ar Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, ag Ard-Fheis na bliana seo. Ó toghadh an tUachtarán Ó hUiginn den chéad uair is mór an tacaíocht a thug sé don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. I mbliana beidh deis againn mar Chonradh ár mbuíochas a chur in iúl dó as ucht na tacaíochta sin agus as ucht na hoibre atá déanta aige leis an teanga a chur chun cinn agus a chéiliúradh le blianta fada anuas. Beidh deis iontach againn éisteacht leis an Uachtarán agus é i mbun óráide ag an ócáid bhronnta. Gabhann muid ár mbuíochas leis as glacadh leis an chuireadh agus tá muid ar fad sa Chonradh ag súil go mór leis an oíche.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Is deis bhliantúil atá in Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge don phobal, baill na heagraíochta agus craobhacha, clár oibre Chonradh na Gaeilge don bhliain atá amach romhainn a phlé agus a aontú. Tá go leor beartaithe don Ard-Fheis i mbliana. Beidh díospóireachtaí againn, seoltaí, rúin, ócáidí bronnta agus ár ndóigh, beidh Uachtarán na hÉireann mar aoi speisialta againn oíche Shathairn 26 Feabhra.”

“I mbliana beidh cead arís ag teachtaí, ag craobhacha agus ag cuairteoirí teacht le chéile don chéad uair ó thosaigh an phaindéim Covid19. Tá muid ag súil go mór le fáilte mhór croíúil a chur roimh chairde agus chomhghleacaithe nach bhfaca muid ach ar scáileán le dhá bhliain anuas agus na ceisteanna móra teanga á bplé againn le chéile arís.”

Dé hAoine fosta seolfar Cartlann Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Le trí bliana anuas tá breis agus 600 bosca curtha i dtaisce sa Chartlann, áit a ndearnadh catalogú agus ord orthu. Tá an catalogú sin anois curtha i gcrích agus tá an cnuasach iomlán ar fáil do thaighdeoirí sa Chartlann agus sa Seomra Leitheoireachta um Chnuasaigh Speisialta de chuid Leabharlann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Thar an deireadh seachtaine, beidh roinnt ábhar ón chnuasach ar taispeáint go poiblí in Áras na nGael, Gaillimh. Tá Conradh na Gaeilge buíoch chomh maith don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as an tacaíocht a chuireann siad ar fáil chun go mbíonn muid in ann an socrú seo a dhéanamh le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh.

 

An Ard-Fheis:

  • Glac páirt in imeachtaí na hArd-Fheise ar líne trí #AFCnaG ar Twitter.
  • Fógrófar srúthú beo ar líne d’imeachtaí ar leith go luath.
  • Cuirfear polasaithe sláinte Covid19 i bhfeidhm le linn na hArd-Fheis agus iarrfar ar theachtaí agus ar chuairteoirí cloí leis na treoracha sláinte seo i rith an ama. 
  • Beidh clár #AFCnaG ceangailte le roinnt ar na meáin shóisialta as seo ama

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.