Skip to main content

Cárta Nollag d'Acht Gaeilge (2017)


 Cárta Nollag | An Dream DeargBa mhaith liom Acht Gaeilge don Nollaig

Tá cuidiú na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí á lorg ag An Dream Dearg leis an fheachtas #AchtAnois ar son Acht Gaeilge ó thuaidh.

Táthar ag iarraidh ar achan Ghaelscoil ó thuaidh Cárta Nollag a dhéanamh leis na daltaí. Is deis í seo ag Gaelscoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí gníomh áitiúil a dhéanamh le tacú leis an mhór-fheachtas ar son chearta teanga.

Tá teimpléad de chárta Nollag ar fáil pdfanseo.

Is féidir seo a chur i gcló (go dáthaobhach / cúl le cúl) agus iarraidh ar an daltaí é a dhathú isteach don Nollaig. Tá rogha ag na daltaí ansin ainm a shíniú agus ainm na scoile a chur leis.

Is ar mhaithe le cur in iúl do na húdaráis go mbeidh an feachtas ag dul ó neart go neart sa bhliain úr atá na cártaí Nollag seo, agus chuige sin, is féidir an litir a chur chuig ceann de na daoine seo:

  • Theresa May
  • Leo Varadkar
  • Arlene Foster
  • James Brokenshire

Faoi gach Gaelscoil agus gach Gaelcholáiste atá sé cé chucu a gcuireann siad a gcuid cártaí Nollag ar son Achta. Seo a leanas seoladh an cheathrair:

  • Theresa May, 10 Downing Street, Westminster, Londain SW1A 2AA
  • Leo Varadkar, Oifig an Taoisigh, Foirgnimh na Pairliminte, Sráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 R583
  • Arlene Foster, 27 Sráid an Droichid Thóir, Inis Ceithleann, BT74 7BW
  • James Brokenshire, Caisleán Chromghlinne, Hillsborough Castle, An Chearnóg, Cromghlinn, Hillsborough, Co. an Dúin

Is féidir iad a chur ar ais chuig An Dream Dearg fosta agus seolfar iad ar aghaidh ar bhur son:

  • Pádraig Ó Tiarnaigh, 199 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, BT12 6FB

Tá cóipeanna crua de na Cártaí Nollag ar fáil fosta, agus is féidir iad a fháil saor in aisce ach teagmháil a dhéanamh le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Tá treoirlínte don chárta ar fáil do mhúinteoirí pdfanseo ach is cinnte go mbeidh smaointe eile cruthaitheacha agaibh féin!

Cibé rud a dhéanann sibh, cuirigí ar na meáin shóisialta é - ar Facebook ar Twitter - le go bhfeicfidh an domhan mhór é leis an chlib #AchtAnois agus leis an An Dream Dearg clibeáilte.

Ní fhéadfaí a leithéid a shamhlú bliain ó shin, ach tá muidne, pobal na Gaeilge ar fad, fríd an fheachtas #AchtAnois An Dream Dearg, i ndiaidh tionchair ollmhóire a imirt ar na húdaráis agus ar an aos polaitíochta.

Is iad na Gaelscoileanna, agus na daltaí i do scoil féin todhchaí na teanga, cuisle na hathbheochana. Ní neart go cur le chéile!

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.