Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge (2019)
Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2019
Teanga gan Teorainn
Óstán 4 Seasons, Muineachán
22 - 24 Feabhra 2019
LÓISTÍN
Cá mbeidh an lóistín don Ard-Fheis in 2019?
Beidh an lóistín don Ard-Fheis ar fáil in Óstán 4 Seasons - TÁ LÓISTÍN DÍOLTA AMACH ANOIS.
Cén costas a bheidh ar an lóistín?
Tá praghsanna speisialta á gcur ar fáil ag an óstán don Ard-Fheis. Is fiú lóistín a chur in áirithe go luath, mar sin, leis na praghsanna speisialta seo a chinntiú duit féin agus d’aon duine eile a bheidh ag teacht leat chuig an Ard-Fheis. Tá na praghsanna speisialta luaite thíos:
Seomra | Duine Aonair | Beirt Ag Roinnt | ||
Aoine & Satharn le dinnéar na hArd-Fheise san áireamh |
€160 | €120 an duine | ||
Aoine amháin | €65 | €45 an duine | ||
Satharn le dinnéar na hArd-Fheise san áireamh | €95 | €75 an duine |
An féidir liom clárú do Dhinnéar na hArd-Fheise mura bhfuil mé ag fanacht san óstán?
Mura bhfuil tú ag fanacht san óstán, is féidir fós ticéad don dinnéar a chur in áirithe trí ghlaoch ar an Ard-Oifig ag +353 (0)1 47574041 nó trí ríomhphost a chur chugainn ag
Tá costas €30 ar an dinnéar 4 chúrsa.
An bhfuil práinn leis an lóistín a chur in áirithe?
Níl ach líon áirithe seomraí in áirithe san óstán agus moltar duit, mar sin, lóistín a chur in áirithe chomh luath is gur féidir, ach go cinnte roimh 02 Feabhra 2019, le cinntiú go mbeidh seomra agat ar na praghsanna speisialta luaite thuas.
Ag tnúth le bualadh le baill, Craobhacha agus cairde ag Ard-Fheis 2019!