Skip to main content

#SEAS17


#SEAS17Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Theachtaí Dála, ar Sheanadóirí agus ar Chomhaltaí an Tionóil Reachtaigh infheistíocht a chur ar fáil Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2018.

Chuige seo, tá ócáidí stocaireachta #SEAS17 - seisiúin eolais agus spreagtha maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta - beartaithe ag an gConradh sna seachtainí amach romhainn.

#SEAS17 ó dheas

Dáta:    Dé Céadaoin, 4 Deireadh Fómhair 2017
Am:      8.00rn – 6.00in
Ionad:  Óstán Buswells, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath 2

Beidh éilimh réamhthoghcháin agus Plean Infheistíochta Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta á gcur os comhair na bpolaiteoirí in am don Cháinaisnéis ó dheas an mhí seo chugainn.

Táimid ag iarraidh ar bhaill de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheith linn le labhairt lena bpolaiteoirí áitiúla ar an lá, le brú a chur orthu maoiniú ceart a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2018.

Beidh seoladh aighneachta ag Comhlachas na gComharchumann Gaelachta mar chuid den lá chomh maith.

Cláraigh thíos agus abair linn cén toghcheantar lena mbaineann tú:

Bheimís an-bhuíoch díot dá bhféadfá an fhoirm seo thuas a líonadh más féidir leat a bheith linn ar an lá ar feadh cúpla uair a' chloig.

#SEAS17 ó thuaidh

Tá súil againn #SEAS17 a reáchtáil do Chomhaltaí an Tionóil Reachtaigh i mBéal Feirste amach anseo fosta, ag brath ar chúrsaí polaitíochta.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.