Skip to main content

Oifig an Choimisinéara Teanga (2011)


Rónán Ó Domhnaill agus Seán Ó Cuirreáin Coimisinéir Teanga CearnógD'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 go raibh sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a cuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid de phlean athchóirithe don earnáil poiblí.

Athbhreithniú ar an Acht
Fógraíodh é seo in ainneoin gur fógraíodh an t-athbhreithniú poiblí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, níos lú ná coicís roimh ré - athbhreithniú a raibh ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár.

Bhí an t-athbhreithniú á stiúradh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus luadh go sonrach go rachfaí i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áiríodh eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta, Ranna Rialtais, comhlachtaí poiblí eile, an pobal i gcoitinne - agus Oifig an Choimisinéara Teanga.

D'eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta cruinniú práinneach le cás Oifig an Choimisinéara Teanga agus leis an athbhreithniú a phlé in Óstán Pillo, Bóthar Áth Chinn, Gaillimh ar 2 Nollaig 2011.

Cinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga A Choinneáil
Rinne feachtas láidir ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta an cinneadh maidir leis an gCoimisinéir Teanga a throid le breis agus dhá bhliain. Buíochas leis seo, d'fhógair an Rialtas nach mbeadh Oifig an Choimisinéara Teanga á comhnascadh le hOifig an Ombudsman ar 4 Aibreán 2014.

Dea-scéal a bhí ann do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta gur éist an Rialtas linn ar deireadh. Cinneadh tábhachtach a bhí ann Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar eintiteas iomlán neamhspleách. Tá ardmholadh ag dul do gach duine a sheas le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.