Toghcháin 2016
D'oibrigh Conradh na Gaeilge i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla ar fud na tíre chun fóraim ghnímh áitiúla a reáchtáil i ngach contae in Éirinn mar chuid den fheachtas #GaelVóta #GaelVóta na toghcháin thuaidh theas i mbliana.
D'aontaigh breis ‘s 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-Éireann, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh - plean infheistíochta chun breis ‘s 1,175 post a chruthú agus chun tuilleadh deiseanna a sholáthar don phobal leis an nGaeilge a úsáid. D'aontaíomar bearta ionadaíochta a chinnteodh go gcuirfí an plean i bhfeidhm agus go mbeadh ionadaíocht cheart ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag leibhéal Rialtais fosta. Is ionann iad seo agus Éilimh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, bunús #GaelVóta.
Éilimh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta
Tá plean infheistíochta uile-Éireann aontaithe ag breis ‘s 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-oileánda, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh – chun breis ‘s 1,160 post a chruthú, agus tá na grúpaí ag iarraidh go léireoidh gach páirtí agus gach ionadaí polaitíochta tacaíocht oifigiúil don phlean: http://bit.ly/pleaninfheistiochta
Tá bearta ionadaíochta á lorg ag na grúpaí pobail agus uile-Éireann chun go gcuirfear an plean infheistíochta i ngníomh chomh maith, ina measc go gceapfaí Airí Sinsir thuaidh agus theas chun feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus chun dea-bhainistiú agus feidhmiú iomlán an phlean infheistíochta a chinntiú: http://bit.ly/beartaionadaiochta
Toghchán an Tionóil ó thuaidh: Déardaoin, 5 Bealtaine 2016
Gligeáil anseo le teacht ar liosta na gComhaltaí a thacaíonn leis na héilimh #GaelVóta:
- Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 1,175+ post nua a chruthú
- Go gceapfaí Aire Pobail* atá tiomanta don Ghaeilge, .i. Aire a bheidh sásta an Straitéis don Ghaeilge agus Acht Gaeilge a chur chun cinn
- Go gceapfaí Aire Oideachais a thacaíonn leis an Ghaeilge sa chóras oideachais, .i. Aire a bheidh sásta an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn agus tacú go láidir leis na scoileanna eile gur mian leo an Ghaeilge a mhúineadh
Buíochas le tacaíocht an phobail, d’éirigh linn dul i bhfeidhm ar na hiarrthóirí agus tá 43 Comhalta anois tofa sa Tionól ag tacú le trí éileamh phobal na Gaeilge. Is céim an-mhór chun cinn í seo, agus tá argóint againn go bhfuil ionadaithe ó cheithre pháirtí taobh thiar de na héilimh anois agus ba chóir, mar sin, go gcuirfí an trí éileamh i bhfeidhm. Tá liosta le sonraí teagmhála na bpolaiteoirí ag tacú linn ar fáil anseo. Mar eolas, tá teagmháil déanta againn leis an 43 polaiteoir cheana féin ach tá sé i bhfad Éireann níos tábhachtaí go dtiocfadh teagmháil ón phobal áitiúil. Tá cruinnithe lorgtha againn fosta le hionadaithe ó na ceithre pháirtí.
Freagraí na bPáirtithe Polaitíochta ó thuaidh:
Gliogáil anseo le teacht ar sheasamh na bpáirtithe ar an trí éileamh Gaeilge.
Freagraí na nIarrthóirí Toghcháin ó thuaidh:
Gligeáil ar do rogha toghcheantair thíos le freagraí iarrthóirí an toghcheantair sin a fheiceáil.
Eagraíodh fóraim ghnímh leis na héilimh seo a phlé le déanaí.
Is iad Sinn Féin, SDLP, Pobal Roimh Bhrabús agus Cross-Community Labour Alternative na páirtithe atá ag tacú go hoifigiúil leis na héilimh mar pháirtithe ina n-iomláine go fóill. Tá am go fóill ag iarrthóirí agus ag páirtithe eile a dtacaíocht a thabhairt do na héilimh roimh an toghchán ar 5 Bealtaine 2016.
* Rinneadh teagmháil ar a laghad faoi dhó le gach iarrthóir de réir na sonraí teagmhála a cuireadh ar fáil go poiblí. Gabhann muid leithscéal as aon eolas atá míchruinn mar thoradh air seo, nó más rud é gur fágadh aon iarrthóir ar lár.
** Is féidir le haon pháirtí nó iarrthóir teagmháil a dhéanamh linn ag
*******************************
Toghchán an tSeanaid ó dheas: Dé Máirt, 26 Aibreán 2016 (vóta poist)
Cinntigh go dtacaíonn gach Seanadóir nua leis na héilimh Ghaeilge & Ghaeltachta
*******************************
Olltoghchán ó dheas: Dé hAoine, 26 Feabhra 2016
Déan teagmháil leis na Teachtaí Dála nuathofa
Gligeáil anseo le teacht ar liosta na dTeachtaí Dála a thacaíonn leis na héilimh #GaelVóta:
- Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 1,175+ post nua a chruthú
- Go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, chun go mbeadh ionchur ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais
- Comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar comhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile
Buíochas le tacaíocht an phobail, d’éirigh linn móramh a bhaint amach de theachtaí nuathofa (84 Teachta Dála) atá ag tacú le trí éileamh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is céim an-mhór chun cinn í seo agus tá an argóint dhlisteanach againn go bhfuil móramh taobh thiar de na héilimh anois; is cuma cén Rialtas a chuirfear ar bun anois, ba chóir go gcuirfí an trí éileamh i bhfeidhm. Tá liosta le sonraí teagmhála na dTeachtaí Dála atá ag tacú linn ar fáil anseo agus mar eolas, tá teagmháil déanta againn leis an 84 TD cheana féin. Tá sé i bhfad Éireann níos tábhachtaí agus níos éifeachtaí nuair a dhéanann an pobal áitiúil teagmháil leo áfach, mar sin ár míle buíochas libh as cabhrú linn leis seo.
Freagraí na bPáirtithe Polaitíochta ó dheas:
Gligeáil anseo le teacht ar na freagraí ó na páirtithe.
Is féidir teacht ar na tagairtí ar fad a rinne na páirtithe polaitiúla don Ghaeilge & don Ghaeltacht anseo.
Freagraí na nIarrthóirí Olltoghcháin ó dheas:
Gligeáil ar do rogha toghcheantair thíos le freagraí iarrthóirí an toghcheantair sin i dtaobh na n-éileamh a fheiceáil (is féidir gliogáil anseo chomh maith le teacht ar fhreagraí na n-iarrthóirí ar fad).
Cúige Chonnacht
Gaillimh Thiar
Gaillimh Thoir
Maigh Eo
Ros Comáin-Gaillimh
Sligeach–Liatroim
Cúige Laighean
Baile Átha Cliath Láir
Baile Átha Cliath Thiar Meán
Baile Átha Cliath Fhine Gall
Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh
Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh
Baile Átha Cliath – Rath an Dúin
Baile Átha Cliath Theas-Lár
Cuan Bhaile Átha Cliath Theas
Baile Átha Cliath Thiar Theas
Baile Átha Cliath Thiar
Dún Laoghaire
Cill Mhantáin
Loch Garman
Ceatharlach – Cill Chainnigh
Cill Dara Thuaidh
Cill Dara Theas
An Longfort -An Iarmhí
Laois
Lú
An Mhí Thoir
An Mhí Thiar
Uíbh Fhailí
Cúige na Mumhan
Cathair Luimnigh
Luimneach
An Clár
Ciarraí
Tiobraid Árann
Port Láirge
Corcaigh Thoir
Corcaigh Thiar Thuaidh
Corcaigh Thuaidh-Lár
Corcaigh Theas-Lár
Corcaigh Thiar Theas
Cúige Uladh
Dún na nGall
An Cabhán – Muineachán
* Rinneadh teagmháil ar a laghad faoi dhó le gach iarrthóir de réir na sonraí teagmhála a cuireadh ar fáil go poiblí. Gabhann muid leithscéal as aon eolas atá míchruinn mar thoradh air seo, nó más rud é gur fágadh aon iarrthóir ar lár.
** Is féidir le haon pháirtí nó iarrthóir teagmháil a dhéanamh linn ag
*******************************
An raibh a fhios agat?
- Tá Gaeilge éigin ag nach mór 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann
- Tá suim agus úsáid na Gaeilge sa saol mór, go háirithe i measc daoine óga, ag fás go leanúnach. Tá breis ‘s milliúin duine tar éis éisteacht leis an amhránaí cáiliúil Ed Sheeran ag canadh as Gaeilge
- Chabhródh an plean infheistíochta agus an stádas polaitiúil breise atá á lorg againn le haisling ghlúin na réabhlóide a bhaint amach don Ghaeilge, agus dhéanfadh comóradh ceart ar 1916
- D’fhreastalódh an plean infheistíochta* atá á mholadh ar an 93% den daonra ó dheas a thacaíonn le hathbheochan nó le caomhnú na Gaeilge (ESRI & OÉ Má Nuad, 2009) ar na bealaí seo a leanas:
- Clár gníomhaíochta maidir le húsáid agus foghlaim na teanga a chur ar fáil
- Lárionad Gaeilge a bhunú i mbailte ar fud an oileáin
- Scoláireachtaí Gaeltachta do daoine óga agus teaghlaigh a chur ar fáil
- * Is ionann an maoiniú breise atá ag teastáil don phlean infheistíochta agus €5 mhilliún níos lú ná an maoiniú a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i 2008
Buíochas ó chroí le gach duine a rinne go leor oibre leis na héilimh seo ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn le cúpla mí anuas.