Skip to main content

Aitheantas (2010)


Gaelscoil Ráth Tó (Meán Fómhair 2010)Tháinig na heagrais Ghaeilge Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Glór na nGael le chéile faoi bhrat an chomhfheachtais Aitheantas sa bhliain 2010 chun stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaelscolaíochta, agus go háirithe chun tacú le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó i gCo. na Mí nuair a diúltaíodh aitheantas don bhunscoil lánGhaeilge i 2010.

Osclaíodh Gaelscoil Ráth Tó ar an 30 Lúnasa 2010 gan aitheantas oifigiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna ó dheas, áit a raibh 9 dalta ag freastal ar an scoil. Thóg an coiste bunaithe an cinneadh cróga chun dul ar aghaidh leis an scoil ó chreid siad gur chóir go mbeadh rogha ag tuismitheoirí Ráth Tó a bpáistí a oiliúint trí Ghaeilge.

Sna sála ar phlé leanúnach leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, rinneadh atheagar ar Ghaelscoil Ráth Tó agus tugadh aitheantas iomlán don Ghaelscoil nua faoin ainm Gaelscoil na Mí. Is Gaelscoil do cheantair Chill Dhealgáin, Ráth Tó agus na mhór cheantair thart timpeall í Gaelscoil na Mí. Is scoil lán-Ghaeilge í Gaelscoil na Mí le héiteas il-chreidmheach agus atá faoi phátrúnacht an Fhorais Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge í. D'oscail Gaelscoil na Mí - an chéad Ghaelscoil oifigiúil le hoscailt le haitheantas ón Roinn Oideachais agus Scileanna le trí bliana anuas - i gClubtheach CLG Domhnach Mór, Cill Dhéagláin, Co. na Mí, Déardaoin, 01 Meán Fómhair 2011.

Tá Aitheantas ag plé leis an éileamh náisiúnta ar an oideachas lánGhaeilge go fóill agus leanann an stocaireacht ar na Ranna Oideachais go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua.

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.