Skip to main content

Cárta Nollag do Chothrom na Féinne (2017)


Cárta Nollag | Conradh na GaeilgeBa mhaith liom cothrom na Féinne do mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta don Nollaig

Tá cuidiú na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí á lorg le maoiniú mar is ceart a chinntiú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Táimid ag iarraidh ar gach Gaelscoil Cárta Nollag a dhéanamh leis na daltaí. Is deis í seo do Ghaelscoileanna, do mhúinteoirí, do thuismitheoirí, agus do dhaltaí gníomh áitiúil a dhéanamh le tacú leis an mór-fheachtas náisiúnta le cothrom na Féinne a bhaint amach do phobal na teanga trí mhaoiniú a chinntiú do Phlean Infheistíochta Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá teimpléad de chárta Nollag ar fáil pdfanseo.

Is féidir seo a chur i gcló (go dáthaobhach / cúl le cúl) agus iarraidh ar an daltaí é a dhathú isteach don Nollaig. Tá rogha ag na daltaí ansin ainm a shíniú agus ainm na scoile a chur leis.

Is ar mhaithe le cur in iúl do na húdaráis go mbeidh an feachtas ag dul ó neart go neart sa bhliain úr atá na cártaí Nollag seo, agus chuige sin, is féidir an litir a chur chuig na daoine seo:

  • An Taoiseach Leo Varadkar TD
  • An tAire Josepha Madigan TD
  • An tAire Stáit Joe McHugh TD

Faoi gach Gaelscoil agus gach Gaelcholáiste atá sé cé chucu a gcuireann siad a gcuid cártaí Nollag ar lorg chothrom na Féinne. Seo a leanas seoladh an triúir:

  • An Taoiseach Leo Varadkar TD, Oifig an Taoisigh, Foirgnimh na Pairliminte, Sráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 R583 nó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
  • An tAire Josepha Madigan TD, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 nó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
  • An tAire Stáit Joe McHugh TD, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 nó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Is féidir iad a chur ar ais chuig Conradh na Gaeilge chomh maith agus seolfar iad ar aghaidh ar bhur son:

  • Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

Is féidir linn cóipeanna crua de na Cártaí Nollag a chur ar fáil duit freisin más mian leat, ach teagmháil a dhéanamh linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Is cinnte go mbeidh smaointe cruthaitheacha eile ag do rang féin leis! Pé rud a dhéanann siad, cuir ar na meáin shóisialta é leis an gclib #PleanGG agus/nó #Gaeilge agus #Gaeltacht le go bhfeicfidh an domhan mór é.

Is féidir linn tionchar ollmhór a imirt ar na húdaráis agus ar an aos polaitíochta ach obair as lámha a chéile. Ní neart go cur le chéile!

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.