Skip to main content

Duais de hÍde (2019)


Buaiteoirí Dhuais de hÍde 2017 leis an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus Cathal Ó Searcaigh, file agus moltóir an chomórtais, ag Féile Filíochta Bhéal na mBuillí 2017Príomhchomórtas Filíochta na Gaeilge
Urraithe ag Conradh na Gaeilge

Tá Duais de hÍde, príomhchomórtas filíochta na Gaeilge á urrú ag Conradh na Gaeilge ag Féile Filíochta Idirnáisiúnta Bhéal na mBuillí arís i mbliana.

Comórtas le haghaidh dánta i nGaeilge na hÉireann amháin é seo. Dánta 70 líne nó níos lú, nár foilsíodh cheana, atá de dhíth faoin 7 Nollaig 2018.

Fógrófar an buaiteoir i mBéal na mBuillí, Co. Ros Comáin, i 2019.

  • 1cd Duais €600
  • 2ra Duais €400
  • 3ú Duais €300
  • Táillí léitheoireachta de €200 le haghaidh an triúir eile ar an ngearrliosta

Foilseofar an 6 dhán ón ngearrliosta i nDuanaire Bhéal na mBuillí 2018 / Strokestown Anthology 2019.

TÚS IONTRÁLA: 1 Meán Fómhair 2018
DÁTA DEIRIDH IONTRÁLA: 7 Nollaig 2018

TÁILLE IONTRÁLA: €6 an dán
COINNÍOLLACHA IONTRÁLA
FOIRM IONTRÁLA

MOLTÓIR: Ceaití Ní Bheildiúin

ceaiti crTá trí chnuasach filíochta de chuid Cheaití foilsithe ag Coiscéim: Meirge an Laoich, Púca Gan Dealramh, An Teorainn Bheo. Chaith an file tréimhse ina scríbhneoir cónaitheach faoi scéim Ealaíontóir Cónaitheach Harry Clarke 2008 - 2009, sa Díseart, An Daingean, Co. Chiarraí, agus bhí sí gníomhach mar bhall de choiste An Fhéile Bheag Filíochta, féile bhliantúil dhátheangach i gCorca Dhuibhne, 2008–2015. Shaothraigh sí mar eagarthóir don leabhar sainiúil An Chraobh Óir: Festschrift don Ollamh, obair lámhdéanta in ómós don Mhonsignor Pádraig Ó Fiannachta (IMRAM 2011); agus bhí sí mar eagarthóir ar Crú Capaill: Dánta Mháirín Feirtéar (An Sagart, 2013). Léiríodh dhá ghearrdhráma óna peann in amharclann an LAB sa Daingean — Triúr (2013) agus Port na Mammies (2010). Mar thacaíocht dá cuid scríbhneoireachta, bronnadh sparánachtaí uirthi — Ealaín na Gaeltachta (2014), an Chomhairle Ealaíon (2010). Tá Duais Fhoras na Gaeilge 2015 i measc na ngradam a ghnóthaigh a dánta.

EOLAS BREISE: https://www.strokestownpoetry.org/duais-de-hide-2019/

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.