Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Paula Melvin tofa mar Uachtarán úr ar Chonradh na Gaeilge ag an Ard-Fheis i nGaillimh; deireadh le ré 5 bliana Niall Comer agus buíochas mór gafa leis

An chéad Uachtarán mná tofa mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1994-5.

Tá Paula Melvin tofa mar Uachtarán nua ar Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis na heagraíochta in Óstán Chuan na Gaillimhe inniu, Satharn 25 Feabhra 2022. Ag an am céanna tháinig deireadh le seal Uachtaránachta an Dr Niall Comer, a chaith 5 bliana mar Uachtarán ar an gConradh. 

17

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán nua-tofa Chonradh na Gaeilge:

“Is onóir mo shaoil é, a bheith tofa mar Uachtáran Chonradh na Gaeilge. I measc na mór-spriocanna atá agam don bhliain atá amach romhainn tá an Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta. Is gá sin a bhaint amach don Ghaeltacht gan a thuilleadh moille agus an feachtas sin a bhrú ar aghaidh go mór, le cinntiú go mbeidh pobal na Gaeltachta in ann cónaí ina gceantar féin trína dteanga féin. Chomh maith leis sin, leanfaidh mé leis an troid ar son Acht Gaeilge agus Straitéis Ghaeilge a bhaint amach ó thuaidh. Déanfar cinnte de, go guirfear na forálacha ar fad a baineadh amach le linn Uachtarántacht Niall Comer, maidir le hAcht na dTeanagacha Oifigiúla i bhfeidhm de reir mar atá geallta. Anuas air sin, caithfear a chinntiú go mbainfear an úsáid is fearr as an stádas breise don teanga san Aontas Eorpach ó thús 2022 chomh maith. Tá go leor le déanamh againn, ach tá mé ag súil go mór leis. Le linn mo thréimhse Uachtarántachta, tá sé i gceist agam cuairt a thabhairt ar an oiread craobhacha agus gur féidir liom. Bhí dhá bhliain an-dúshlánach ag na craobhacha, agus againn ar fad. Is iad na craobhacha croí agus anam an Chonartha. Ba mhaith liom tacú go mór leo san am atá amach romhainn. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Dr Niall Comer as ucht na sároibre ar fad atá déanta aige le 5 bliana anuas.”

bba271f1f5fe1378890f6c56ac317fcd xxxlarge

Tá Paula Melvin ina Tánaiste ar Chonradh na Gaeilge ó thogh baill an Choiste Gnó í in 2017. Is iontaobhaí í ó bhí 2014 ann agus is Cathaoirleach í ar Fhochoiste Forbartha na heagraíochta. Ag an leibhéal áitiúil, is comhbhunaitheoir agus Cathaoirleach í Paula ar chraobh Phobal Gaeilge 15 ina ceantar dúchais i dtuaisceart Átha Cliath. Bhí baint ag Pobal Gaeilge 15 le bunú Coláiste na Tulchann agus tá cuid de na himeachtaí is mó ar domhan le linn Seachtain na Gaeilge eagraithe acu. Is ball í de choiste stiúrtha Ógras, de choiste ilchinealachta an Chonartha, de bhord an tsiopa leabhar agus den bhuanchoiste. Déanann Paula freastail ar chruinnithe de Mheitheal Gaeltachta an Chonartha chomh maith. Ba leas-rúnaí í ar chraobh na Gaeil Óga CLG agus ba láithreoir le Raidió na Life í. Bhí sí ina ball de Choiste na Gaeilge i gComhairle Contae Fhine Gall. Is ball bunaidh í den fheachtas Twitter #TrasnaNadTonnta a chruthaíonn Gaeltacht fhíorúil. Toghadh Paula mar Oifigeach na Gaeilge ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ba chathaoirleach í ar Chumann Gaelach an choláiste sin í freisin.Tá Paula fostaithe mar Chlárbhainisteoir ag Coimisiún Fulbright na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil.  

IAR-UACHTARÁIN CHONRADH NA GAEILGE (1893 ar aghaidh ):

1893 - 1915 Dúbhglas de hÍde (An Chraoibhín Aoibhinn) (1860 - 1949)
1915 - 1916 Folúntas
1916 - 1919 Eoin Mac Néill (1867 - 1945)
1919 - 1922 Seán Ua Ceallaigh (Sceilg) (1872 - 1957)
1922 - 1925 Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) (1856 - 1942)
1925 - 1926 An Dr. Seán P. Mac Énrí (1862 - 1930)
1926 - 1928 Cormac Breatnach (1886 - 1956)
1928 - 1933 Mac Giolla Bhríde (An Tiarna Ashbourne) (1868 - 1942)
1933 - 1940 Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh) (1856 - 1942)
1940 - 1941 Liam Ó Buachalla (1899 - 1970)
1941 - 1942 Seán Óg Ó Tuama (1912 - 1980)
1942 - 1945 Diarmuid Mac Fhionnlaoich (1903 - 1964)
1945 - 1946 Seán Mac Gearailt (1916 - 2004)
1946 - 1949 Liam Ó Luanaigh (1914 - 1998)
1949 - 1950 Diarmuid Mac Fhionnlaoich (1903 - 1964)
1950 - 1952 Annraoi Ó Liatháin (1917 - 1981)
1952 - 1955 Seán Mac Gearailt (1916 - 2004)
1955 - 1959 Tomás Ó Muircheartaigh (1907 - 1967)
1959 - 1965 Micheál Mac Cárthaigh (1911 - 1983)
1965 - 1968 Cathal Ó Feinneadha (1928 - 2015)
1968 - 1974 Maolsheachlainn Ó Caollaí (1939)
1974 - 1979 Pádraig Ó Snodaigh (1935)
1979 - 1982 Albert Fry (1940 - 2021)
1982 - 1985 Micheál Ó Murchú (An Gabha Gaelach) (1918 - 1990)
1985 - 1989 Íte Ní Chionnaith (1953)
1989 - 1994 Proinsias Mac Aonghusa (1933 - 2002)
1994 - 1995 Áine de Baróid (1950)
1995 - 1998 Gearóid Ó Cairealláin (1957)
1998 - 2003 Tomás Mac Ruairí (1939)
2003 - 2004 Séagh Mac Siúrdáin (1958)
2004 - 2005 Nollaig Ó Gadhra (1943 - 2008)
2005 - 2008 Dáithí Mac Cárthaigh (1968)
2008 - 2011 Pádraig Mac Fhearghusa (1947)
2011 - 2014 Donnchadh Ó hAodha (1944)
2014 - 2017 Cóilín Ó Cearbhaill (1975)

2017 - 2022 Niall Comer (1975)

 

******

 

Toghadh an Dr Niall Comer ó Chraobh Ghleann an Iolair ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge den chéad uair ag Ard-Fheis na heagraíochta in Óstán Chuan na Gaillimhe, Gaillimh, Dé Sathairn, 25 Feabhra 2017.

Bhí Comer ina Thánaiste ar Choiste Gnó an Chonartha le blianta beaga sular toghadh ina Uachtarán é.

Ó Iúr Cinn Trá ó dhúchas, tá cónaí air i nGleann an Iolair, Co. Dhoire anois agus é ag obair mar léachtóir le Gaeilge i Scoil Theanga agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Uladh. Is ball d’Institiúid Taighde na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh é fosta.

Bhí sé ina eagarthóir ar An tUltach ar feadh seacht mbliana agus chaith sé tamall ina bhainisteoir ar an iris chomh maith. Bhí sé ina Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge le trí bliana anuas, ina Uachtarán ar Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge roimhe sin, agus ina bhall gníomhach de Chraobh an Iúir ó bhí sé ina dhéagóir.

Agus an Uachtaránacht ar fhóram daonlathach phobal na Gaeilge á glacadh aige ag Ard-Fheis 2017, dúirt:

“Is féidir le Conradh na Gaeilge todhchaí na Gaeilge agus todhchaí na sochaí a mhúnlú leis an teanga ag croílár ár linne. Feictear domsa nach neart go cur le chéile mar Chonradh áfach, agus gluaiseacht mhór náisiúnta amháin á neartú in athuair ionas gur féidir linn tabhairt faoin dúshlán seo atá romhainn – athGhaelú na hÉireann. Tá Conradh na Gaeilge pobalbhunaithe agus eagraithe ar son na teanga; níl ann don Chonradh gan pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus níl ann d’fheachtais ná d’aidhmeanna an Chonartha gan ionchur na mball, na gcraobhacha, an phobail trí chéile.

“Tá pobal na Gaeilge i lár an aonaigh pholaitíochta agus ar thús cadhnaíochta anois chun reachtaíocht cheartbhunaithe a bhaint amach leis an teanga a chosaint ó thuaidh agus toghchán an Tionóil ag teannadh linn Déardaoin. Ní hAcht go Straitéis acmhainn-bhunaithe áfach, thuaidh ná theas.

“Ba chóir go mbeadh ról lárnach ag Conradh na Gaeilge in Éirinn sa lá atá inniu ann le gach bean, le gach fear, agus le gach leanbh – beag beann ar chúlra creidimh, ar an tír arb as dóibh, ná ar an rogha saoil a bhíonn acu – a thabhairt linn ar an turas seo, turas chun Éire a athGhaelú agus athbheochan na Gaeilge a chur i réim mar is ceart. Bhíodh an t-am ann nuair a bhí Éire i measc na náisiún is oilte agus is cultúrtha ar dhroim an domhain, agus bhí an Ghaeilge mar chuid lárnach de seo. Bíodh sé amhlaidh arís.”

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge