Raidió Rí-Rá

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá sé le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, ar ghutháin Nokia, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone, ar ghutháin Android trí TuneIn, agus ar an gcóras chraoladh fuaime digití (DAB) i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge. Beidh sé ar fáil ar DAB i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh faoi cheann dheireadh na bliana chomh maith. Bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh ar FM i gcathracha éagsúla ó am go ham agus tá sé beartaithe craoladh ar an gcóras teilifíse digití amach anseo freisin. Tá sé mar sprioc ag Rí-Rá go mbeadh stáisiún raidió Gaeilge lánaimseartha don aos óg ar an gcóras náisiúnta FM agus DAB. Cuir cluas linn inniu! www.rrr.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge