An Coimisiún le Rincí Gaelacha

An Coimisiún Le Rincí Gaelacha (CLRG)Bhunaigh Conradh na Gaeilge An Coimisiún le Rincí Gaelacha (CLRG) sa bhliain 1930 agus tagann An Coimisiún faoi scáth an Chonartha go fóill. ‘Sí príomhchuspóir an Choimisiúin i gcónaí ná Rincí Gaelacha, idir rincí aonair, rincí céilí agus rincí foirne Gaelacha de gach saghas, a chaomhnú agus a chur chun cinn. I dteannta na príomhaidhme úd, is mór le baill an Choimisiúin an ceangal idir an Coimisiún agus an Ghaeilge, agus cé nach féidir linn cruinnithe an Choimisiúin a reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge de bharr na hionadaíochta idirnáisiúnta, tá an-chuid Ghaeilge le cloisteáil i measc na mball i gcónaí. www.clrg.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge