Skip to main content

Ceol Gaeilge

Posted in An Ghaeilge.

Rí-Rá Le Hector 2013Ag teacht sna sála ar an togra CEOL de chuid Sheachtain na Gaeilge ó 2005 - 2010, thug an cairtstáisiún Gaeilge Raidió Rí-Rá faoi amhráin choitianta i mBéarla a aistriú go Gaeilge agus a thaifead d'albam ar leith sa bhliain 2011.

Rinne ceoltóirí móra Éireannacha ó na cairteacha 12 amhrán a chasadh as Gaeilge ar an albam, ina measc The Coronas, The Rubberbandits, Republic of Loose, The Delorentos, Heathers, The Flaws, Ham Sandwich, Fox Avenue, The Riptide Movement, Miracle Bell, The Spikes agus Mo Hat Mo Gheansaí, buaiteoirí chomórtas Cath na mBannaí 2010 ar Raidió Rí-Rá. Dáileadh na mílte cóipeanna den Albam Rí-Rá 2011 leis an nuachtán The Irish Daily Star le linn chraolachán beo an chairtstáisiúin ar FM i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i gCorcaigh i mí an Mhárta 2011. Chomh maith leis sin, dáileadh tuilleadh cóipeanna ar dhaltaí scoile, ar mhic léinn ollscoile agus ar scoláirí sna coláistí samhraidh fud fad na tíre mar chuid den Seó Bóthair arna eagrú ag Conradh na Gaeilge / Aontas Phobal na Gaeilge tríd an bhliain.

D'fhorbair an togra ceoil an bhliain dár gcionn nuair a d'eisigh Raidió Rí-Rá an t-albam Rí-Rá Le Hector 2012 i gcomhar leis an gclár Breakfast With Hector on RTÉ 2fm agus le Foinse agus The Irish Independent le linn Sheachtain na Gaeilge 2012. Bhí scoth an cheoil as Gaeilge le cloisteáil ar an albam úr, ó leithéidí The Walls, Delorentos, The Coronas, Bell X1, The Riptide Movement, Eoin Glackin, Senakah, The Kanyu Tree, Róisín O, Aoife Scott, The Dirty 9s agus Borabu. Sheol Hector Ó hEochagáin an t-albam ar an gclár raidió s'aige, áit gur chas sé amhráin ón albam ar an aer agus gur chas bannaí ón albam beo sa stiúideo leis chomh maith. Dáileadh na mílte cóipeanna ar an bpobal leis an nuachtán tríd na siopaí Centra agus SuperValu i mí an Mhárta 2012 agus arís, scaipeadh tuilleadh cóipeanna i measc na ndaoine óga a ghlac páirt sa Seó Bóthair i gcaitheamh na bliana.

Ba í 2013 an tríú bliain do Raidió Rí-Rá a bheith i gceannas ar an togra ceoil Gaeilge seo agus eisíodh an t-albam Rí-Rá Le Hector 2013 i gcomhar leis an gclár Breakfast With Hector on RTÉ 2fm leis an nuachtán Foinse ins The Irish Independent tríd na siopaí Centra agus SuperValu Dé Céadaoin, 17 Aibreán 2013. Is iad The Coronas, Keywest, This Club, Bitches With Wolves, Walking On Cars, Maud In Cahoots, Republic of Loose, Robb Murphy, The Shoos, Senakah, Aslan, The Spikes, The Pale agus Traic Ó Braonáin ceoltóirí na bliana seo. Is iomaí singil ar an albam i mbliana a bhí díreach eisithe ag na bannaí mar shingilí úra i mBéarla, mar sin ba dheis eisiach, iontach é do na ceoltóirí a gcuid ceol nua a chur chinn i measc an aosa óig trí Ghaeilge agus trí Bhéarla ag an am céanna. Tugann na bannaí agus na ceoltóirí ar fad a gcuid ama in aisce don taifead agus cabhraíonn foireann Raidió Rí-Rá leo le haistriúchán na n-amhrán, le cúrsaí foghraíochta agus leis an taifead féin má tá treoir de dhíth. Rinne The Rubberbandits físeán ar leith do Róisín, Ba Mhaith Liom Bruíon le d’Athair, an leagan Gaeilge den amhrán Róisín, I Wanna Fight Your Father, físeán atá ar fáil ar YouTube go fóill. Rinne Maud in Cahoots amhlaidh leis an amhrán Ag Leanúint Inniu, agus físeán ar leith á chruthú acu don leagan Gaeilge dá n-amhrán Further I Go; tá an físeán úd fós le feiceáil ar YouTube freisin.

Baineann idir choláistí samhraidh agus ranganna Gaeilge leas as leaganacha Gaeilge na n-amhrán seo i gcomórtais cheoil agus amhránaíochta dá gcuid féin go mion minic, agus tá teacht ar fhocail na n-amhrán ar-líne ar shuíomh Raidió Rí-Rá agus ar shuíomh Foinse leis. Ar mhaith leat cóip den albam Rí-Rá Le Hector 2013 a fháil? Seol d'ainm agus do sheoladh baile chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. agus seolfaimid cóip in aisce amach chugat sa phost!

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.