Gairmeacha le Gaeilge ar Líne 2020

Fáilte chuig leathanach clárúcháin do cheardlanna Gairmeacha le Gaeilge ar líne. Tá na ceardlanna seo á reáchtáil mar chuid de Seó Bóthair 3ú Leibhéal Chonradh na Gaeilge, mar ghné nua dhigiteach ag teacht le riachtanais slándála in aimsir an choróinvíris Covid-19.

Tá sé mar aidhm ag na ceardlanna seo eolas a roinnt ar na deiseanna fostaíochta le Gaeilge atá ar fáil dhuit, cén dóigh le cur isteach orthu agus cén dóigh lena fháil. Díreofar isteach ar mhíreanna éagsúla, le deiseanna in Éirinn, san Aontas Eorpach agus thar lear san áireamh. Clúdófar gairmeacha san éarnáil oideachais, sna meáin, sa státseirbhís agus in eagraíochtaí Gaeilge, poist aistriúcháin agus go leor eile. Mairfidh an cheardlann idir 40 bomaite agus uair a’ chloig, agus beidh sé reáchtáilte trí Ghaeilge.

Beidh an ceardlann ar siúl ar trí lá agus am éagsúil:

  • Dé Máirt 07/04/20 11:00 
  • Déardaoin 09/04/20 19:00 
  • Dé hAoine 10/04/20 14:00

Cláraigh thíos don cheardlann is oiriúnaí duitse anois!

Invalid Input

Invalid Input

Invalid Input

Invalid Input

Invalid Input

Invalid Input

Invalid Input

Invalid Input

Invalid Input

gluaiseacht_1.jpg
Tá na ceardlanna Gairmeacha le Gaeilge reáchtáilte mar chuid den obair 3ú Leibhéal atá ar bun faoin tionscadal Gluaiseacht, maoinithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. 

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge