Scéimeanna Píolótacha

Scéimeanna Píolótacha 2018

Sydney 2018

Chuireamar scéimeanna píolótacha Cultúr Club ar bun san Astráil, sa Nua Shéalainn agus sa Bhreatain Mhór i 2018.

Buíochas le tacaíocht ó Ambasáid na hÉireann in Canberra, ó Ard-Chonsalacht na hÉireann i nDún Éideann, Albain, agus ó Chonradh na Gaeilge i Londain, bhí ceardlanna oiliúna Cultúr Club ar siúl sna háiteanna seo a leanas an bhliain seo caite:

Bhí stiúrthóir an togra ar an láthair le ceardlann ghinearálta um chumasú pobail a éascú agus chun na nithe seo a leanas a chur ar fáil:

  • ceardlanna oiliúna ar an gcuraclam Cultúr Club
  • treoir d'éascaitheoirí féideartha na gceardlann áitiúil
  • deis ghréasánaíochta do bhaill éagsúla ón bpobal Gaeilge
  • comhairliúchán le grúpaí Éireannacha, idir ghrúpaí Gaeilge, cultúir, spóirt agus eile
  • seó bóthair for-rochtana ar theanga agus ar chultúr na hÉireann do scoileanna áitiúla

Tá an cur i láthair ón gceardlann oiliúna ar fáil pdfanseo.

Ghlac níos mó ná 116 duine páirt sa chéad bhabhta de scéimeanna píolótacha agus gabhann muid buíochas ó chroí le gach duine a d'fhreastail ar na ceardlanna oiliúna nó a chabhraigh linn chun cuairteanna scoile agus cruinnithe le grúpaí pobail áitiúla a eagrú i 2018.

Ar mhaith leatsa scéim phíolótach a óstáil i do cheantar féin?

Seol teachtaireacht chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. chun do shonraí a chlárú linn agus fiosróimid an féidir scéim phíolótach Cultúr Club a eagrú sa tír ina bhfuil cónaí ortsa.

Ní neart go cur le chéile!

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge