Téarma an tSamhraidh 2024: Bonnrang 1, Dé Céadaoin (Tráthnóna, i bPearsa)
Fad an Chúrsa: 10 seachtaine (1 rang sa tseachtain)
Múinteoir: Niall
Lá Ranga: Dé Céadaoin
Dáta Tosaithe: Dé Céadaoin, 15 Bealtaine 2024
Dáta Críochnaithe: Dé Céadaoin, 24 Iúil 2024
Briseadh Ranga: Dé Céadaoin, 19 Meitheamh2024
Am Ranga: 19.00 - 21.00 (Um Thráthnóna, Am na hÉireann)
Áit: Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, D02 VH98
Táille: €200
Seo chugaibh leagan amach Bhunrang 1. Is ionann bunrang 1 agus leibhéal TEG A2.
Tá an leibhéal seo in oiriúint do:
- daoine a rinne staidéar ar an nGaeilge cheana féin / tamall ó shin ar mhaith leo filleadh ar an teanga.
- daoine a rinne cúrsa tosnaitheoirí 2 linn an téarma seo chaite.
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile.
Sonraí Cúrsa
Tús |
15-05-2024 19:00 pm |
Deireadh |
27-03-2024 21:00 pm |
Dáta deiridh |
21-05-2024 15:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil |
0 |
Praghas |
€200 |
Ionad |
Baile Átha Cliath
|