Seo chugaibh leagan amach Ardrang 1 a bheidh ar leibhéal TEG C1, díreoidh an cúrsa seo ar choincheapa gramadúla, ar struchtúr na teanga agus ar scileanna ardchaighdeáin a fhorbairt. Tabhair faoi ndeara gur cúrsa ar ardchaighdeán seo agus go bhfuil tuiscint maith ar an nGaeilge de dhíth. Bheadh an cúrsa seo in oiriúint do dhaoine suite in zóin ama éagsúla timpeall an domhain, in éineacht le daoine atá saor um thráthnóna.
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Tús | 27-09-2021 17:30 pm |
Deireadh | 06-12-2021 19:00 pm |
Dáta deiridh | 26-09-2021 23:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 10 |
Praghas | €150 |
Ionad | Ar líne |