Seo chugaibh leagan amach an ranga, Tosaitheoirí 2 a bheidh ar leibhéal TEG A1, in oiriúint do dhaoine a rinne cúrsaí Tos 1 cheana. Bheadh an cúrsa seo in oiriúint do dhaoine suite in zóin ama éagsúla timpeall an domhain, in éineacht le daoine atá saor um thráthnóna.
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Tús | 16-09-2020 19:00 pm |
Deireadh | 25-11-2020 20:30 pm |
Dáta deiridh | 13-09-2020 23:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 0 |
Praghas | €150 |
Ionad | Ar Líne (Am an Chósta Thoir) |