Téarma an Fhómhair 2021: Ardrang, Dé Luain (Tráthnóna, Fisiciúil)
Briseadh Ranga: Luan, 25 Deireadh Fómhair 2021
Áit: Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, D02 VH98
*Beidh an rang seo lonnaithe in Uimhir 6, Sráid Fhearchair, ceannáras Chonradh na Gaeilge. Tá srian againn ar an méid duine a bheidh sa tseomra ranga, le cloí le scaradh sóisialta. Beidh gá le masc a chaitheamh sa teach agus sa seomra ranga. Beidh foireann an Chonartha ag cloí leis an eolas / comhairle is déanaí ón Rialtas maidir le sláinte poiblí. Tabhair faoi ndeara go bhfuil seans ann, ag brath ar an gcomhairle is déanaí, go mbeidh orainn teastas vacsaínithe a lórg ó gach foghlaimeoir roimh ré.
Seo chugaibh leagan amach Ardrang 1 a bheidh ar leibhéal TEG C1, díreoidh an cúrsa seo ar choincheapa gramadúla, ar struchtúr na teanga agus ar scileanna ardchaighdeáin a fhorbairt. Tabhair faoi ndeara gur cúrsa ar ardchaighdeán seo agus go bhfuil tuiscint maith ar an nGaeilge de dhíth.
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Sonraí Cúrsa
Tús | 27-09-2021 19:15 pm |
Deireadh | 06-12-2021 21:00 pm |
Dáta deiridh | 26-09-2021 23:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 4 |
Praghas | €180 |
Ionad | Baile Átha Cliath |