Téarma an Earraigh 2021: Meánrang 2B, Déardaoin (Tráthnóna, Ar-Líne)
Briseadh Ranga: Déardaoin, 25 Feabhra 2021
Seo chugaibh leagan amach an ranga, Meánrang 2B a bheidh ar leibhéal TEG B2, in oiriúint do dhaoine atá Gaeilge measartha acu cheana féin agus speis acu tuilleadh a foghlaim faoin ngramadach agus struchtúr na Gaeilge. Díreoidh Sophie, an múinteoir, ar an dara leath den siollabas Meánrang 2 (TEG B2) mar sin is cúrsa seo a bheidh in oiriúint do dhaoine a rinne Meánrang 2 cheana féin nó iad siúd atá caighdeán maith acu ach nach bhfuil 100% compórdach ag imeacht isteach san Ardrang. Bheadh an cúrsa seo in oiriúint do dhaoine suite in zóin ama éagsúla timpeall an domhain, in éineacht le daoine atá saor um thráthnóna.
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Sonraí Cúrsa
Tús | 21-01-2021 19:00 pm |
Deireadh | 01-04-2021 20:30 pm |
Dáta deiridh | 21-01-2021 23:00 pm |
Líon Áiteanna ar fáil | 4 |
Praghas | €150 |
Ionad | Ar Líne (Am an Chósta Thoir) |