Téarma an tSamhraidh 2021: Ardrang, Dé Luain (Tráthnóna, Ar-Líne)
Briseadh Ranga: Luan, 7 Meitheamh 2021
Seo chugaibh leagan amach an Ardranga a bheidh ar leibhéal TEG C1, tá an leibhéal seo in oiriúint do dhaoine atá suim acu i gcúrsaí gramadaí agus struchtúr na Gaeilge, beidh an cúrsa dúshlánach agus ní bheidh sé in oiriúint do dhaoine nach bhfuil caighdeán sách ard Gaeilge acu. Bheadh an cúrsa seo in oiriúint do dhaoine suite in zóin ama éagsúla timpeall an domhain, in éineacht le daoine atá saor um thráthnóna.
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile
Sonraí Cúrsa
Tús | 10-05-2021 19:00 pm |
Deireadh | 19-07-2021 20:30 pm |
Oscailt an Chlárúchain | 29-03-2021 |
Líon Áiteanna ar fáil | 10 |
Dáta deiridh | 17-05-2021 23:00 pm |
Praghas | €150 |
Ionad | Ar Líne |