Dianchúrsa 3-lá: Cúrsa Gaeilge Labhartha don Scrúdú Cainte Iontrála TEG B1 i gcomhair Bunmhúinteoirí

Dianchúrsa Ullmhúcháin don Scrúdú Cainte TEG B1 a bheidh ar siúl 22 & 23 Eanáir agus 5 & 6 Feabhra 2021. Tháinig athrú ar an gcóras iontrála i mbliana dóibh siúd atá ag iarraidh cur isteach ar na hinstitiúidí seo a leanas:

  • Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
  • Roinn Froebel, Ollscoil Mhá Nuad
  • Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach
  • Institiúid Oideachais Marino

Caithfear marc 65% a bhaint amach san scrúdú cainte TEG B1 le cuireadh chun agallaimh a fháil leis na hinstitiúidí thuasluaite. Mar gheall ar sin, tá cúrsa lae á eagrú ag Conradh na Gaeilge dírithe ar scrúduithe cainte. Tá siollabas nua curtha le chéile againn don chúrsa agus is teagascóir ollscoile Gaeilge atá tacú aici le scrúduithe cainte a dhéanamh ar iarrathóirí ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) a bheas ag stiúradh an chúrsa. Seo a leanas sonraí an chúrsa:

Áit:                  Ar-Líne thar Zoom*

Dátaí:                Dé Sathairn, 7ú Samhain 2020
                          Dé Domhnaigh, 8ú Samhain 2020
                          Dé Sathairn, 14ú Samhain 2020 

Am: 10.00rn - 12.00in

Praghas:    €80.00

Clár Ama an lae:

9:45: Clárú
10:00: Tús an lae
11:00: Sos (15 nóim)
12:00: Críoch an lae


 Ábhar an chúrsa:
- Cur in aithne, comhrá lena chéile
- Ceisteanna samplacha
- Téarmeolaíocht múinteoireachta
- Gramadach & foghraíocht
- Nathanna cainte & botúin choitianta
- Struchtúr an scrúdú cainte
- Na trí chuid éagsúla ón scrúdú cainte
- Gaeilge chanúnach
- Achoimre & Ceisteanna


* Mar gheall ar srianta i bhfeidhm thuas-thíos na tíre, reáchtálfar an cúrsa seo thar Zoom beo thar trí lá éagsúil. Tuigeann muid nach bhfuil sé indéanta lá iomlán a chaitheamh ar Zoom agus mar sin beidh trí seisiún 2-uair a chloig i gceist leis an dianchúrsa. Tabharfaidh sé seo deis don fhoghlaimeoir athbhreithniú a dhéanamh ar a raibh foghlamtha acu i ngach seisiún agus iad ag dul isteach ar an chéad seisiún eile.

Le do thoil, déan teagmháil leis an oifig ar Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó glaoch a chur ar Chiarán, an t-Oifigeach Oideachais, ar 01 475 7401 le do chuid ceisteanna.

Tá teorann ar áiteanna ar an gcúrsa agus bí ar an eolas go bhféadfadh sonraí an chúrsa athrú suas go 5 lá roimh an ócáid. Sa chás go mbeadh sé riachtanach an cúrsa a chur ar athló, cuirfear aisíoc iomlán ar fáil. 

Is gá 5 lá iomlán réamhfhógra a thabhairt roimh an ócáid le haisíoc iomlán a fháil ón gcúrsa, sa chás gur gá duit do spás a chur  ar ceal.

 

Sonraí Cúrsa

Tús 07-11-2020 10:00 am
Deireadh 14-11-2020 12:00 pm
Oscailt an Chlárúchain 16-10-2020
Líon Áiteanna ar fáil 14
Dáta deiridh 06-11-2020 16:00 pm
Praghas €80
Ionad Ar Líne

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge