Fís an Choláiste:
Is í an fhís atá againn sa choláiste ná foghlaim ar ard-chaighdeán a sholáthar, feasacht ar shaol na Gaeilge a chur ar fáil, daoine óga a chumhachtú le Gaeilge a úsáid agus craic a bheith acu chomh maith i rith na gcúrsaí ag baint úsáid as teicneolaíocht físchomhdhála atá éasca agus slán le húsáid.
Seo deis iontach do dhalta a bhí le freastail ar Choláiste Samhraidh Gaeltachta nó atá ag smaoineamh faoi amach anseo
Cén fáth an cúrsa seo:
- TAITHÍ: Tá taithí 127 bliana ag Conradh na Gaeilge ag múineadh na Gaeilge agus á cur chun cinn
- ÁBHARTHA DON SCOIL: Tá na ranganna ar an gcúrsa seo in oiriúint don Sraith Shóisearach agus don Ardteist
- EISPEARAS EISCEACHTÚIL: Tá na cúrsaí deartha le spéis na ndaltaí a mhúscailt agus feasacht a thabhairt dóibh le bheith in ann tuilleadh Gaeilge a úsáid sa ghnáthshaol
- AGALLAMH: Cuirfear bréagscrúdú béil ar fáil ag deireadh an chúrsa d’aon dalta ar mian leo agallamh a dhéanamh
- NÓTAÍ: Gheobhaidh gach dalta leabhrán nótaí trí ríomhphost chomh maith
Céard é?
Cúrsa 5 lá, lán le heispéiris idirgníomhacha le foghlaim a spreagadh in éineacht le feasacht faoin nGaeilge agus an dalta a chumhachtú le spraoi leis an nGaeilge.
- Beidh béim mhór ar fhoghlaim na Gaeilge trí 3 rang uathúla gach lá, beidh na ranganna seo bunaithe ar 3 théama: Comhrá, Éisteacht, Teanga. Beidh fad 40 nóiméad ar na ranganna
- Idir gach rang beidh seisiún 20 nóiméad ina ndíreofar ar fheasacht na Gaeilge agus ar chumhachtú an duine óig leis an nGaeilge a úsáid níos mó ina ghnáthshaol
- Beidh ollseisiúin spraíúla ag deireadh gach lá. Tiocfaidh gach rang le chéile agus eagrófar gníomhaíochtaí ar nós biongó, tráth na gceist agus gníomhaíochtaí eile a spreagfaidh an dalta i mbealach taitneamhach leis an nGaeilge a d’fhoghlaim siad le linn an lae a úsáid
Cur chuige:
Beidh dhá leibhéal de chúrsaí ann:
- Leibhéal don sraith shóisearach. Moltar an cúrsa seo a roghnú do dhaltaí ó bhliain 1 go bliain 3 sa mheánscoil
- Leibhéal don sraith shinsearach. Moltar an cúrsa seo do dhaltaí ó bhliain 4 go bliain 6 sa mheánscoil
Beidh 3 ghrúpa ar gach leibhéal gach seachtain. Cruthófar na grúpaí ranga ar an gcéad lá agus leanfaidh na daltaí sna grúpaí sin go deireadh an chúrsa. Is múinteoirí meánscoile cáilithe a bheidh i mbun an chúrsa a mhúineadh le cabhair ó fhoireann oideachais an Chonartha leis na seisiúin fheasachta, chumachtaithe agus spraoi a éascú.
Dréachtchlár laethúil:
10.00 | Rang 1 |
10.40 | Ceardlann Feasachta & Cumhachtaithe 1 |
11.00 | Rang 2 |
11.40 | Ceardlann Feasachta & Cumhachtaithe 2 |
12.00 | Rang 3 |
12.40 | Ollseisiúin spráiúla |
13.30 | Críoch |
Eolas faoi na ranganna:
Tá na ranganna ar fad in oiriúint don Sraith Shóisearach agus don Ardteist agus tá breis eolais futhu thíos:
Ranganna: | COMHRÁ | ÉISTEACHT | TEANGA |
Buntáistí Oideachasúla:
|
|
|
|
Eolas faoi na ceardlanna feasachta agus cumhachtaithe
Tá an cúrsa seo dírithe ar an dalta a chumhachtú leis an nGaeilge a úsáid taobh amuigh den chomhthéacs scoile, m.sh. le heolas a thabhairt dóibh ar na haipeanna idirlín agus fóin atá ann gur féidir leis an dalta a úsáid le cur lena chuid féinfhoghlama.
Le linn an chúrsa:
- Tabharfaidh na daltaí faoi cheardlanna bunaithe ar ghnéithe éagsúla le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn.
- Foghlaimeoidh siad faoi na firicí a bhaineann leis an teanga.
- Foghlaimeoidh siad faoi na deiseanna a bhaineann léi, go háirithe faoi deiseanna fostaíochta amach anseo.
Teicneolaíocht
- Zoom - Bainfear úsáid as cruinnithe Zoom leis na ranganna a reachtáil. Seolfar nasc ranga chuig na daltaí gach lá. Beidh uasmhéid 15 dalta i ngach rang Zoom agus trí sheomra feithimh a úsáid, cinnteoimid nach ligfear daoine eile isteach sna ranganna
- Zoom Webinar - Reachtálfar na gníomhaíochtaí idir na ranganna & na gníomhaíochtaí trathnóna ar Zoom Webinar. Tugann Zoom Webinar an deis dúinn scáileán a roinnt leis na daltaí agus uirlisí eile ar líne a úsáid leo.
- Zoom Waiting Rooms - Eagrófar bréag scrúdú béil 10 nóiméad duine ar dhuine, le gach dalta roghnaíonn bréag scrúdú a dhéanamh ag deireadh an chúrsa trathnóna Aoine. Bainfear úsáid as Zoom Waiting Rooms agus chuirfear am faoi leith ar fáil do gach dalta le hagallamh a dhéanamh leis an múinteoir
Costas
Tá costas €175 ar an gcúrsa don 5 lá, leis an bréag scrúdú béil san áireamh ag an deireadh. Níl ach méid áirithe spáis againn faoi láthair le tomhas na ranganna a choinneáil íseal. Is féidir clárú anseo
Dátaí na gCúrsaí
Ag an bpointe seo tá 2 chúrsa á rith againn le linn an tsamhraidh:
Sraith Shóisearach (Bliain 1-3)
Ag tosú: 8 Meitheamh
Sraith Shinsearach (Bliain 4-6)
Ag tosú: 15 Meitheamh
Téarmaí agus Coinníollacha
- Gaeilge: Cuirtear béim ar fhoghlaim na Gaeilge i gcónaí agus spreagtar na daltaí le Gaeilge a úsáid i gcónaí a fhad is gur féidir leo.
- Tá dea-iompar an-tábhachtach ar an gcúrsa seo. Ní ghlacfar le droch-iompar d’aon saghas idir iompar míchuí, iompar a chuireann isteach ar aon duine eile (múinteoirí, foireann an chúrsa nó daltaí eile an chúrsa), pleidhcíocht a chuireann isteach ar an rang nó webinar thar Zoom. Tabharfar rabhadh d’aon dalta nach leanann na rialacha seo agus d’fheadfaí ceist a chur ar an dalta an cúrsa a fhágáil má tá an droch-iompar doghlactha.
- Tá cosc iomlán ar ghabhálacha scáileáin, nó pictiúir a ghlacadh ar na glaochanna Zoom.
- Iarrfaidh an múinteoir ar an dalta a mhicreafón a chur ar siúl nó a mhúchadh mar chuid den rang ó am go ham, go háirithe sa rang comhrá. Is féidir le dalta a fhíscheamara a chur ar siúl le linn na ranganna leis an eispéireas is fearr a bhaint ón gcúrsa seo (mar eolas, ní bheidh níos mó ná 15 dalta in aon rang).
- Moltar cluaisíní a úsáid le fuaimeanna sa chúlra a ghearradh amach.
- Ní cheadaítear do dhaltaí a bheith ar a bhfóin ach amháin nuair a iarrtar ar an dalta a fhón póca a úsáid le haipeanna a íoslódáil le páirt a ghlacadh sa rang.
- Eagrófar bréag scrúdú béil duine ar dhuine, le gach dalta roghnaíonn bréag scrúdú a dhéanamh ag deireadh an chúrsa trathnóna Aoine. Bainfear úsáid as Zoom Waiting Rooms agus chuirfear am faoi leith ar fáil do gach dalta le hagallamh a dhéanamh leis an múinteoir
- Ní hionann íocaíocht agus spás cinntithe ar an gcúrsa, tiocfaidh duine ón bhfoireann i dteagmháil leat le do spás ar an gcúrsa a dheimhniú. Líonfar na cúrsaí ar bhonn thús freastail ar an gceann is túisce - nuair atá cúrsa lán is féidir ainm a chur ar an liosta feithimh trí ríomhphost a chur chugainn.
- Is féidir spás ar an gcúrsa a chur ar ceal trí ríomhphost a chur chugainn, tabharfar aisíocaíocht má chuirtear ar an eolas muid 7 lá nó níos mó roimh thús an chúrsa. Má chuirtear an cúrsa ar ceal 7 lá nó níos lú roimh an gcúrsa, ní bheidh an té a d’íoc i dteideal lánaisíocaíochta.