Teagmháil
Cuireann Conradh na Gaeilge ranganna seachtracha ar fáil lasmuigh dár n-oifig chomh maith. Oibríonn muid i gcomhpháirt le comhlachtaí, eagraíochtaí, carthanachtaí, ambasáidí agus údaráis éagsúla le ranganna Gaeilge a chur ar fáil.
Is féidir linn obair le d'eagraíocht chun cúrsa a chur le chéile daoibh. Tá painéal múinteoirí againn atá in ann freastal ar gach leibhéal teanga, ar líne nó I bpearsa, agus ag am a oireann duit agus d’fhoireann.
Leanann na ranganna curaclam TEG, atá bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.
Nuair a thagann tú i dteagmháil linn ag lorg ranganna corparáideacha i d'ionad oibre, lorgóimid sonraí uait maidir le leibhéal na gcainteoirí, na hamanna a oireann agus aon sonraí ábhartha eile.
Tar éis an eolais sin a fháil, roghnóimid múinteoir cuí duit atá in ann freastal ar do riachtanais.
Tá ár múinteoirí breá sásta rang comhrá nó ciorcal comhrá a áisiú. Níl ort ach seo a lua agus tú ag eagrú ranganna linn.
Tá painéal againn do mhúinteoirí cáilithe, ag a bhfuil an-taithí a bheith ag múineadh foghlaimeoirí fásta i suíomh corparáideach.
Roghnófar múinteoir duit atá cleachta le bheith ag múineadh an leibhéal ranga atá uait (m.sh glantosaitheoirí, rang cruinnis rl), agus atá ar fáil nuair a theastaíonn siad uait.
Má tá do ghrúpa ag lorg stór focal le haghaidh earnáil faoi leith, is féidir e sin a eagrú, agus an ghrúpa a chumasú le bheith ag úsáid Gaeilge mar theanga oibre san earnáil úd.
Mura bhfuil tú cinnte faoin leibhéal ranga atá oiriúnacha duit, is féidir do leibhéal TEG a mheas saor in aisce anseo.
Seoladh rphoist:
Fón: +353 (0)1 4757401
66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: