Téarma an Fhómhair 2019: Ardrang 1 (Dé Luain)
Fad an Chúrsa: 10 seachtain (1 rang sa tseachtain)
Leibhéal ranga: Ardrang 1 (TEG C1)
Múinteoir: Le deimhniú
Lá Ranga: Dé Luain
Dáta Tosaithe: Luan, 16 Meán Fómhair 2019
Dáta Críochnaithe: Luan, 25 Samhain 2019
Briseadh Mheántéarma: 28 - 30 Deireadh Fómhair 2019
Am Ranga: 19.00 - 21.00 (sos tae ag 20.00)
Táille: €190
Baineann múinteoirí Chonradh na Gaeilge leas as an gcreatlach TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Tá saoirseacht ag gach múinteoir a chuid ábhair féin a chlúdú chomh maith leis an gcúrsa TEG. Cabhróidh an cúrsa seo dóibh siúd atá ag iarraidh tabhairt faoi na scrúduithe oifigiúla TEG ach is faoin bhfoghlaimeoir atá sé na hullmhúcháin chuí a dhéanamh dos na scrúduithe. Clúdófar réimse leathan d'ábhair: an Ghaeilge labhartha, gramadach na Gaeilge, cluastuiscint, léitheoireacht agus eile.
Sonraí Cúrsa
Cúrsaí Dáta | 16-09-2019 19:00 pm |
Deireadh | 25-11-2019 21:00 pm |
Registration Start Date | 04-03-2019 |
Líon Áiteanna ar fáil | 0 |
Dáta deiridh | 23-09-2019 23:00 pm |
Praghas | €190.00 |
Ionad | Baile Átha Cliath |