Skip to main content

Uimhir 6


Uimhir 6Is í Uimhir 6 lárionad Gaeilge Bhaile Átha Cliath, agus is stairiúil an lárionad é. Bhí baint ag cuid de na daoine is tábhachtaí i stair agus i bpolaitíocht na hÉireann leis an áras ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair, Cairdinéal John Newman agus Mícheál Ó Coileáin ina measc.

Ní hamháin go bhfuil an-stair ag baint leis an bhfoirgneamh féin ag Uimhir 6 áfach, ach tá tábhacht stairiúil ag baint le Conradh na Gaeilge freisin, eagras atá lonnaithe san áras anois i dteannta mhór-eagrais eile na Gaeilge - Seachtain na Gaeilge, Club Chonradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Ógras, Raidió Rí-Rá, Comhluadar agus An Siopa Leabhar ina measc.

Tá Uimhir 6 á forbairt mar lárionad Gaeilge sa phríomhchathair chun áiseanna an árais a chur ar fáil don mhórphobal, idir lucht labhartha na Gaeilge agus teanga ar bith eile, le spéis i stair agus i gcultúr na tíre.

Teagmháil:

Uimhir 6
Sráid FhearchairBaile Átha Cliath

Guthán: +353 (0)1 4757401
Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
Suíomh: www.uimhir6.ie

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.