Skip to main content

Baill Aonair

Posted in Baill Aonair.

Céard is Ball Aonair ann?

Freastalaíonn an córas ballraíochta seo ar an duine nach bhfuil in ann, ar chúiseanna éagsúla, páirt a ghlacadh in obair chraoibhe ach ar mhaith leo a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge. 

Mar bhall aonair den Chonradh:

  • Gheobhaidh baill aonair gach eolas faoi na feachtais agus na himeachtaí a bhíonn ar siúl ag ár n-oifigí agus ag ár gcraobhacha;
  • Tá deis ag gach ball freastal ar an Ard-Fheis gach bliain lena gcuid tuairimí a nochtadh agus páirt a ghlacadh sna díospóireachtaí agus in obair na heagraíochta;
  • Tá deis ag gach ball aonair duine amháin a mholadh le toghadh don uachtaránacht, don dá spás a bheidh ar fáil do bhaill aonair ar Choiste Gnó an Chonartha agus don spás a bheidh ar fáil do bhaill aonair ar Bhord Stiúrtha Sheachtain na Gaeilge; 
  • Tá an deis ag gach ball aonair rún amháin, nach rún bunreachta é, a mholadh ag Ard-Fheis an Chonartha.

 

Conas Clárú mar Bhall Aonair?

Is féidir anois clárú nó athchlárú ar-líne ag baint úsáid as an bhfoirm ANSEO. Glactar le cárta nó dochar díreach mar íocaíocht.

Déan docxFoirm Chlárúcháin a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge mar aon leis an táille bhallraíochta de €20.

*Cuirfear d'iarratas faoi bhráid an Choiste Ghnó le do chuid bhallraíocht a dheimhniú.
*Is gá an fhoirm agus an táille a bheith againn ar a laghad 10 seachtain roimh Ard-Fheis 2023 le bheith i dteideal vótaí a chaiteamh.


Teagmháil: 

Pádraig Ó Foghlú, Feidhmeannach Ballraíochta & Oideachas
Guthán: +353 (0)1 4757401
Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Cláraighanseo

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.