bliain na gaeilge 2018

Cláraigh Craobh

Ballraíocht le Conradh na Gaeilge

Ag clárú craoibhe nua le Conradh na Gaeilge: saor in aisce

Déan an fhoirm do Chraobh Nua 2018/19 a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge. Caithfidh an fhoirm seo dul faoi bhráid Choiste Ghnó an Chonartha roimh go mbeidh an Chraobh deimhnithe agus ballraíocht le Conradh na Gaeilge bailí.

Ag athchlárú craoibhe le Conradh na Gaeilge: €50* (*le clárú le haghaidh níos mó ná bliana amháin, féach an fhoirm athchlárúcháin thíos)

Déan an fhoirm athchlárúcháin a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge mar aon leis an táille bhallraíochta, €50. Is gá an fhoirm agus an táille a chur isteach ar a laghad 10 seachtaine roimh Ard-Fheis 2019 le bheith i dteideal vótála.

Más mian leat an Chraobh a chlárú le haghaidh tréimhse níos faide ná bliana, bí i dteagmháil leis an oifig ag na sonraí thíos.

Teagmháil: 

Jill Mc Mahon, Oifigeach Ballraíochta & Oideachas

Guthán: +353 (0)1 4757401

Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge