bliain na gaeilge 2018

Cláraigh Craobh

Tá Craobhacha de chuid Chonradh na Gaeilge suite ar fud an domhain.  Níl de dhíth le craobh a bhunú ach coiste atá sásta imeachtaí sóisialta a eagrú ina gceantar féin, nó ar mhaith leo páirt a ghlacadh i gcóras daonlathach na heagraíochta.  Bíonn vóta ag gach craobh ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge chuile bhliain.  Cuirfear eolas agus nuachtlitreacha ar fáil do chraobhacha, chomh maith le hardán lena scéalta agus eolas faoin n-imeachtaí a scaipeadh.  Is féidir craobh a lorg i do cheantar ag an nasc seo, nó is féidir ceann a chlárú.

Cláraigh Craobh Nua (Saor in aisce)

Déan an fhoirm do Chraobh Nua 2018/19 a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge. Caithfidh an fhoirm seo dul faoi bhráid Choiste Ghnó an Chonartha roimh go mbeidh an Chraobh deimhnithe agus ballraíocht le Conradh na Gaeilge bailí.

Athchláraigh Craobh (€50 ar bhliain amháin)

Déan an fhoirm athchlárúcháin a chomhlíonadh agus a sheoladh chuig Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge mar aon leis an táille bhallraíochta, €50. Is gá an fhoirm agus an táille a chur isteach ar a laghad 10 seachtaine roimh Ard-Fheis 2019 le bheith i dteideal vótála.  Más mian leat an Chraobh a chlárú le haghaidh tréimhse níos faide ná bliana, bí i dteagmháil leis an oifig ag na sonraí thíos.


Teagmháil: 

Jill Mc Mahon, Oifigeach Ballraíochta & Oideachas
Guthán: +353 (0)1 4757401
Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge