Déan Síntiús
An bhfuil cáipéis agat le haistriú nó le profáil?
Tá seirbhís ag Conradh na Gaeilge a bheidh in ann cabhrú leat.
Is féidir linn aistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge a sholáthar, ag teacht leis an gCaighdeán Oifigiúil, 2017 agus leis na dea-chleachtais scríbhneoireachta eile atá ann sa dá theanga.
Is féidir linn cáipéis de gach saghas agus fad a aistriú - ó cháipéisí dlíthiúla go fógraí margaíochta. Níl aon cháipéis ró-mhór nó ró-bheag dúinn.
Cuireann muid seirbhísí profála, tras-scríofa agus logánaithe ar fáil chomh maith.
Má tá ceist agat faoinár seirbhís aistriúcháin téigh chuig an leathanach le freagraí ar Cheisteanna Coitianta anseo.
Líon an fhoirm thíos le meastachán a lorg agus beidh duine dár bhfoireann i dteagmháil leat go luath.
Cuid dár gcliaint
Is féidir meastachán a fháil chomh maith trí theagmháil a dhéanamh le aistriuchan@cnag.ie agus chun foghlaim faoi na rátaí éagsúla a ghearrtar.Is féidir glaoch a chur orainn ar 01 475 7401 freisin le labhairt le duine den fhoireann faoi do chuid aistriúcháin.Coimeádtar gach eolas a bhaineann le meastacháin faoi rún agus ní roinnfear le haon tríú pháirtí é.
Beidh sé faoi dhiscréid na heagraíochta na cáipéisí a nglacfar leo agus bheadh gá nach mbeidís i gcoinne bhunreacht na heagraíochta.
Ní dhéanfar aistriúchán nó profáil ar aistí nó ábhair a mbeidh measúnú ollscoile nó scoile déanta orthu.
Aistriúchán, Aistrigh, Aistriúchán Gaeilge, Aistritheoir, Béarla go Gaeilge, Gaeilge, Meastachán