Skip to main content

Ceiliúradh RnaG Ag Croí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2012 i gCiarraí (No En)

Is ar Chorca Dhuibhne aoibhinn atá triall lucht labhartha na Gaeilge ar saoire an samhradh seo, agus Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2012 á reáchtáil i nGaeltacht Chiarraí ón 05 - 08 Iúil 2012. Eagraíonn Conradh na Gaeilge saoire i nGaeltacht éagsúil gach bliain le deis a thabhairt do chainteoirí líofa agus d'fhoghlaimeoirí na teanga araon sult a bhaint as áilleacht na Gaeltachta, gníomhaíochtaí spraíúla lae agus siamsa oíche i gcomhluadar iomlán Gaeilge an chéad dheireadh seachtaine i mí Iúil.

Arsa Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge: "Is í Corca Dhuibhne an leithinis is sia siar in Éirinn, agus go deimhin san Eoraip, agus beidh deis ag lucht freastail Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge cultúr ar leith agus Gaeilge bhinn na háite a bhlaiseadh, fad agus a chuireann siad cur barr feabhais ar an gcúpla focal acu le muintir na háite agus lucht an Tionóil araon!"

Beidh rogha de thuras lae ar fáil Dé hAoine; rachaidh bus ar fud leithinis Chorca Dhuibhne, nó is féidir le lucht freastail an Tionóil aghaidh a thabhairt ar an mBlascaod Mór amuigh ón gcósta, an t-oileán is mó de chuid na mBlascaodaí cáiliúla a thug dúinn mórshathaoir Ghaeilge amhlaidh An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain, Peig le Peig Sayers agus Fiche Bliain ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin.

Reáchtálfar seimineár ag comóradh Raidió na Gaeltachta 1972 - 2012 in Ionad an Bhlascaoid Mhóir ag 8.00in oíche Aoine, 06 Iúil 2011, mar chuid de Thionól Gaeltachta an Chonartha, áit go mbeidh Edel Ní Churraoin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, i measc na n-aoichainteoirí agus í ag labhairt ar atá i ndán don stáisiún sna blianta amach romhainn. Fáilteofar roimh lucht an Tionóil agus muintir na háite chuig Seimineár an Tionóil sula seolfar an leabhar Scéal agus Dán Oileáin le Mícheál de Mórdha ag 9.30in agus cuirfear críoch leis an oíche le seisiún ceoil i dTigh Uí Mhurchú.

Reáchtálfar siúlóid stairiúil a thabharfaidh cuairt ar Dhún an Óir Dé Sathairn, dún ceann tíre ón Iarannaois agus láthair Léigear Ard na Caithne i 1580, roimh Thráth na gCeist in Óstán Cheann Sibéal. Leanfaidh siamsaíocht na hoíche le drámaíocht ó Aisteoirí Bhréanainn in Ionad an Bhlascaoid Mhóir, compántas ó Iarthar Chiarraí atá tar éis an iliomad gradam agus duais drámaíochta a bhaint amach i gcaitheamh na mblianta. Is i dTigh an tSaorsaigh a chuirfear tús leis an seisiún ceoil oíche Shathairn, agus tiocfaidh an Tionól Gaeltachta 2012 chun críche Dé Domhnaigh, 08 Iúil 2010, le clabhsúr oifigiúil in Óstán Cheann Sibéal, agus Aifreann i nGaeilge a chraolfar beo ar Raidió na Gaeltachta.

Tá pacáiste speisialta ar phraghas íseal de €230 curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin - Domhnach, béilí tráthnóna, turas lae go hOileán an Bhlascaoid Mhóir nó timpeall leithinis Chorca Dhuibhne, turas an cheantair, seimineár, dráma, seisiúin cheoil agus eile, agus is féidir clárú don Tionól Gaeltachta 2012 ag www.cnag.ie/siopa. Tá Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2012 arna eagrú i gcomhar le hOidhreacht Chorca Dhuibhne agus Ionad an Bhlascaoid Mhóir le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus tá mórbhuíochas ag dul dóibh.

TUILLEADH EOLAIS:

Peadar Mac Fhlannchadha
Timire Náisiúnta, Conradh na Gaeilge
+353 (0)91 567824 / +353 (0)87 4188050

Máiread Seoighe
Comheagraí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

CLÁR THIONÓL GAELTACHTA CHONRADH NA GAEILGE 2012:

DÉARDAOIN, 05 IÚIL 2012
9.00in Fáiltiú & Oscailt Oifigiúil le Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge i bpáirt le Clódhanna Teoranta & An Siopa Leabhar www.cnag.ie/siopa: Músaem Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh
10.00in Seisiún Ceoil: Óstán Cheann Sibéal

DÉ hAOINE, 06 IÚIL 2012
12.00 Turas ar Oileán an Bhlascaoid Mhóir
Teacht le chéile ag Cé Dhún Chaoin

Turas bus ar leithinis Chorca Dhuibhne
Teacht le chéile ag Óstán Cheann Sibéal
6.00in Béile tráthnóna: Óstán Cheann Sibéal
8.00in Seimineár an Tionóil: Raidió na Gaeltachta 1972 - 2012: Ionad an Bhlascaoid Mhóir
9.30in Seoladh Leabhair: Scéal agus Dán Oileáin le Mícheál de Mórdha, foilsithe ag Coiscéim: Ionad an Bhlascaoid Mhóir (cuirfear sólaistí ar fáil)
10.00in Seisiún Ceoil: Tigh Uí Mhurchú

DÉ SATHAIRN, 07 IÚIL 2012
Beidh rogha imeachtaí breise ar fáil sa cheantar chomh maith, mar shampla ceardlann photaireachta, marcaíocht na gcapall, iascaireacht fharraige, galf srl. Cuirfear pacáiste eolais ar fáil do gach duine a chláraíonn don Tionól.

*Níl na himeachtaí seo clúdaithe i dtáille an Tionóil*

1.00in Siúlóid timpeall Dhún an Óir
4.00in Tráth na gCeist Boird: Óstán Cheann Sibéal
6.00in Béile tráthnóna: stán Cheann Sibéal
7.00in Drámaíocht i bpáirt le hAisteoirí Bhréanainn: Ionad an Bhlascaoid Mhóir
10.00in Seisiún Ceoil: Tigh an tSaorsaigh
12.30rn Club Rí-Rá i bpáirt le hAontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) & Raidió Rí-Rá www.rrr.ie

DÉ DOMHNAIGH, 08 IÚIL 2012
11.00rn Aifreann Gaeilge: Séipéal Bhaile an Fheirtéaraigh (á chraoladh ar Raidió na Gaeltachta)
12.30in Clabhsúr an Tionóil: Óstán Cheann Sibéal

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

Tá An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ag díol leabhar agus earraí Gaeilge do mhuintir Átha Cliath ó d'oscail sé ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 dhá scór bliain ó shin. Tá réimse leathan leabhar scoile, cártaí dátheangacha, cluichí do pháistí, ábhar múinteoireachta, dlúthdhioscaí ceoil agus go leor eile ar fáil sa Siopa Leabhar agus bíonn sé ar oscailt 6 lá in aghaidh na seachtaine. Is féidir orduithe a dhéanamh ar-líne trí shuíomh An tSiopa Leabhar anois freisin: www.cnag.ie/siopa

Am Oscailte: Luan - Satharn 09.30 - 17.30

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Harcourt Street, Dublin 2.
Phone: +353 (0) 1 475 7401, Fax: +353 (0) 1 475 7844, Email: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.