Skip to main content

Ráiteas Um Chumhdach


RÁITEAS UM CHUMHDACH  

Is ceanneagraíocht Gaeilge é Conradh na Gaeilge. Tá a Uachtarán, Coiste Ghnó, Ard Rúnaí, bainisteoirí agus foireann féin aige. Feidhmíonn Conradh na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann. Is féidir teacht ar fheidhmeanna Chonradh na Gaeilge in Aguisín 1.  Ar mhaithe le cosaint leanaí agus cumhdach tá a nduine/daoine teagmhála ainmnithe agus a nduine/daoine sainordaithe féin ag an eagraíocht.

Cuireann Conradh na Gaeilge raon leathan seirbhísí ar fáil, lena n-áirítear imeachtaí teaghlaigh agus comórtais pobal-bhunaithe, ceardlanna feasachta / raidió i scoile agus i gcoláistí samhraidh a eagrú. Is féidir tagairt don pholasaí um chumhdach seo go coitianta chomh maith mar pholasaí um chosaint agus leas leanaí, ach ar mhaithe le comhsheasmhacht i ngach cuid d’ár n-eagraíocht leanaimid ar aghaidh ag úsáid an téarma polasaí um chumhdach leanaí.  Tá an dá théarma mar an gcéanna agus clúdaíonn siad gach gné de chumhdach/cosaint leanaí.

Míníonn doiciméad scríofa ar mheasúnú riosca Chonradh na Gaeilge réimsí riosca fhéideartha, an dóchúlacht go dtarlóidh an riosca, agus tugann sé na doiciméid pholasaí, treorach nó phróisis a theastaíonn leis na rioscaí seo a mhaolú.  Rinneadh an measúnú riosca ar an 12 Meán Fómhair 2018.

Tá ár Ráiteas um chumhdach forbartha de réir riachtanais na reachtaíochta Theo Chilléin (Northern Ireland) Order (1995) agus an Acht um Thús Áite do Leanaí (2015): Treoir Náisiúnta, Children Safeguarding: a Guide for Policy, Procedure and Practice de chuid Tusla agus Safeguarding Vulnerable Persons at Risk of Abuse National Policy & Procedures (2014) de chuid an FSS agus Cooperating to Safeguard Children and Young People (2017) de chuid na Roinne Sláinte agus Adult Safeguarding Operational Procedures (2016) de chuid Chomhpháirtíocht um Chumhdach Aosach Thuaisceart Éireann.

Is iad na daoine sainordaithe de Chonradh na Gaeilge: Síomha Ní Ruairc agus Conchúr Ó Muadaigh.

Inár bpolasaí um chumhdach leanaí tá:

  • nósanna imeachta do bhainistiú líomhaintí mí-úsáide nó mí-iompair ag baill foirne/saorálaithe i gcoinne linbh, duine óig nó aosaigh a bhaineann úsáid as ár seirbhísí;

  • nósanna imeachta d’earcaíocht shábháilte ball foirne/saorálaithe a oibríonn le leanaí, daoine óga nó aosaigh faoi riosca;

  • Sceideal oiliúna a leagann amach rochtain ar oiliúint agus ar eolas maidir le cumhdach, lena n-áirítear tarlú dochair a aithint;

  • Nósanna imeachta le hábhair imní maidir le cosaint nó leas leanaí a thuairisciú d’údaráis reachtúla.

Cuideoidh na polasaithe agus nósanna imeachta seo linn a bheith ag obair lenár mbaill foirne/saorálaithe le caighdeáin chomhaontaithe, chomhsheasmhacha, íosta um chumhdach leanaí agus lena chur in iúl a bhfuilimid ag súil leis ó na daoine aonaracha nó eagraíochtaí comhpháirtíochta a chuireann aon seirbhísí ar fáil do leanaí, daoine óga agus aosaigh faoi riosca le tabhairt faoi riachtanais um chumhdach leanaí go héifeachtach.

Creideann Conradh na Gaeilge gur freagracht gach duine é an cumhdach. Buncheart ag gach duine is ea saol a chaitheamh atá saor ó dhochar agus ó mhí-úsáid. Tá ról le himirt ag gach duine a bhíonn i dteagmháil le leanaí, daoine óga, lena dteaghlaigh agus/nó aosaigh faoi riosca. Is fearr a chumhdaítear iad siúd is leochailí nuair atá daoine gairmiúla soiléir faoina bhfuil ag teastáil uathu go haonarach, agus conas is gá dóibh a bheith ag obair le chéile.

Tá polasaithe agus nósanna imeachta forbartha ag Conradh na Gaeilge agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad. Cinntítear go bhfuil gach duine eolach orthu agus go nglacann siad lena bhfreagracht maidir lena dualgas cúraim do i leith leanaí, daoine óga agus aosaigh faoi riosca. Féachfaimid lena chinntiú go dtarlaíonn ár seirbhísí agus gníomhaíochtaí i dtimpeallacht mar a bhfuil leanaí, daoine óga agus aosaigh sábháilte ón bhféidearthacht go dtarlóidh aon chineál drochíde.

Tá an polasaí seo infheidhmithe ar gach ball foirne/saorálaí de chuid Conradh na Gaeilge, lena n-áirítear comhaltaí boird reatha agus an Coiste Iniúchóireachta Inmheánaigh a bhféadfadh teagmháil dhíreach nó neamhdhíreach a bheith acu le leanaí, daoine óga agus/nó aosaigh faoi riosca. Caithfidh baill foirne/saorálaithe bheith feasach ar a ról agus a bhfreagracht an cleachtas cumhdaithe is fearr a ghabháil de láimh.  Cuirfidh Conradh na Gaeilge oiliúint chuí ar fáil chun feasacht a thógáil ar shaincheisteanna a bhaineann le mí-úsáid leanaí agus chun baill foirne/saorálaithe a chur ar an eolas maidir lena bheartas, a nósanna imeachta agus a threoirlínte um chumhdach.

Tá an polasaí seo i bhfeidhm taobh le polasaithe agus nósanna imeachta eagraíochtúla eile, lena n-áirítear:

  • earcaíocht agus roghnúchán;

  • sláinte agus sábháilteacht;

  • comhdheiseanna;

  • oiliúint;

  • sceithireacht;

  • smacht, casaoid agus achomhairc, etc.

Beidh gach polasaí eagraíochtúil ag teacht leis an bpolasaí seo um chumhdach.  Cinnteoidh an cur chuige iomlánaíoch seo eagraíocht shábháilte fholláin do bhaill foirne/saorálaithe agus na leanaí, daoine óga agus aosaigh faoi riosca a úsáideann seirbhísí Conradh na Gaeilge.

Cuirfear gach duine a bhaineann le Conradh na Gaeilge ar an eolas faoin bpolasaí um chumhdach agus na nósanna atá curtha i bhfeidhm chun an chosaint is fearr a thabhairt do leanaí, daoine óga agus/nó aosaigh.  Bainfear seo amach tríd an bpolasaí a scaipeadh, oiliúint agus ardú feasachta.

Caithfear gach eachtra nó ábhar imní a thuairisciú don duine teagmhála ainmnithe de réir na nósanna imeachta a leagtar amach sa doiciméad seo.  

Beidh an ráiteas um chumhdach ar taispeáint go feiceálach in oifigí agus in ionaid, chomh maith le suíomh gréasáin na heagraíochta.  Déantar é a athbhreithniú go hinmheánach ar bhonn gach trí bliana (ar a laghad) agus déantar leasuithe de réir athruithe sa reachtaíocht agus treoirlínte cleachtais.

Tá an polasaí agus na nósanna imeachta um chumhdach leanaí faofa ag Coiste Ghnó Chonradh na Gaeilge.

An polasaí reatha athbhreithnithe Iúil 2018, Coiste Ghnó á faomhadh 15 Meán Fómhair 2018

Athbhreithniú inmheánach le déanamh Iúil 2019

Athbhreithniú inmheánach le déanamh Iúil 2020

 

Is iad Daoine Teagmhála Ainmnithe/Daoine Sainordaithe Chonradh na Gaeilge:

 

Duine teagmhála ainmnithe:

Síomha Ní Ruairc

This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

+353 (0)1 4757401

Leas-Duine teagmhála ainmnithe:

Conchúr Ó Muadaigh

This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

0044 (0)7716690237

 

Aidhmeanna an Pholasaí agus na Nósanna Imeachta um chumhdach leanaí

Tá Conradh na Gaeilge tiomanta do chleachtas a chosnaíonn leanaí, daoine óga agus/nó aosaigh faoi riosca ó dhochar agus ó mhí-úsáid, agus is é is aidhm leis timpeallacht a chur ar fáil a chuireann a sábháilteacht chun cinn.  Tacaíonn Conradh na Gaeilge le cur chuige neamhfhulaingthe i leith na mí-úsáide agus an dochair d’aon chineál, agus féachfaidh sé le leanaí, daoine óga agus/nó aosaigh faoi riosca a chumhdach.

Is aidhm leis na polasaithe agus na nósanna imeachta seo:

  • tiomantas Chonradh na Gaeilge a léiriú do chosaint leanaí, daoine óga agus aosaigh ó dhochar, agus baill foirne/saorálaithe agus an eagraíocht féin a chosaint ó líomhaintí féideartha;

  • a chinntiú go ndéantar ár mbaill foirne/saorálaithe a roghnú agus a ghrinnfhiosrú trí nósanna imeachta láidre earcaíochta agus roghnúcháin do gach ball foirne/saorálaí de réir riachtanais reachtaíochta;

  • a chinntiú go bhfuil ár mbaill foirne/saorálaithe eolach ar ár gcaighdeáin um chumhdach;  

  • rioscaí um chumhdach a bhaineann lenár ngníomhaíochtaí a bhainistiú;

  • nósanna imeachta a chur ar fáil le haghaidh maoirseacht chuí agus ábhartha, lena n-áirítear Daoine Ainmnithe Teagmhála a cheapadh;

  • treoirlínte a chur ar fáil maidir le hoiliúint chuí um chumhdach do bhaill foirne/saorálaithe ionas gurb eol dóibh conas mí-úsáid a aithint agus freagairt di;

  • caighdeán a shocrú le haghaidh taifid a bhainistiú, rúndacht, faisnéis a chomhroinnt faoin gcumhdach agus faoin gcleachtas is fearr le baill foirne/saorálaithe, leanaí, daoine óga agus/nó aosaigh faoi riosca agus tuismitheoirí/caomhnóirí/cúramóirí de réir mar is cuí;

  • treoir a thabhairt maidir le conas ba chóir do bhaill foirne/saorálaithe freagairt ar nochtuithe eolais;

  • nósanna imeachta agus treoir shoiléir maidir le conas is gá do bhaill foirne/saorálaithe plé le haon eachtra nó ábhar imní maidir le cumhdach;

  • nósanna imeachta tuairiscithe soiléire a thabhairt i gcás mí-úsáid amhrasta nó iarbhír linbh/duine óig agus/nó aosaigh;

  • a chinntiú go ndéantar gníomhaíocht chuí, de réir an chleachtais is fearr, i gcónaí má tharlaíonn eachtra um chumhdach leanaí;

  • cód iompair soiléir a chur ar fáil a gcaithfidh gach ball foirne/saorálaí a shíniú, chomh maith le cóid iompair do leanaí & daoine óga, úsáideoirí seirbhíse aosaigh agus tuismitheoirí/caomhnóirí/cúramóirí;

  • nós imeachta a chur ar fáil chun plé le ráitis agus gearáin;

  • sábháilteacht ghinearálta agus bainistíocht éifeachtach ghníomhaíochta Chonradh na Gaeilge a chinntiú.

Luachanna a bhfuiltear ag súil leo ó bhaill foirne/saorálaithe Chonradh na Gaeilge

Tá na luachanna seo a leanas aontaithe ag Coiste Ghnó Chonradh na Gaeilge agus tá Conradh na Gaeilge ag súil leis na luachanna céanna a bheith aontaithe ag baill foirne/saorálaithe.

Seo a leanas iad:

  • Neamhchlaontacht - ba chóir do bhaill foirne/saorálaithe a bheith airdeallach i rith an ama ar a ról ag déanamh maoirseachta ar chistí poiblí chomórtais Chonradh na Gaeilge chomh neamhspleách agus is féidir gan fabhar;

  • Cuntasacht - ba chóir do bhaill foirne/saorálaithe bheith airdeallach ar a ról ag déanamh maoirseachta ar chistí poiblí agus bheith airdeallach i rith an ama ar an oiread is atá príomhspriocanna á mbaint amach mar bhaill foirne/saorálaithe aonair agus mar eagraíocht ina hiomláine;

  • Ionracas - níor chóir do bhaill foirne/saorálaithe a bpost a úsáid chun aon íocaíocht sheachtrach nó aon chúiteamh eile ar son dualgas a bhaineann lena bpost a fháil, a shocrú nó a ghlacadh nó iarracht a dhéanamh sin a dhéanamh. Níor chóir dóibh aon sochar a fháil a d’fhéadfadh cur isteach ar a mbreithiúnas go fíor go arbh fhéidir a mheas go gcuirfeadh;

  • Oibiachtúlacht - agus cinntí á ndéanamh agus gnó na heagraíochta á dhéanamh, lena n-áirítear duaiseanna a bhronnadh nó moltaí a dhéanamh i leith cúitimh agus sochair, ba chóir do bhaill foirne/saorálaithe roghanna a dhéanamh i gcónaí de réir tuillimh;

  • Oscailteacht - ba chóir do bhaill foirne/saorálaithe a bheith airdeallach ar thiomantas an bhoird bheith chomh hoscailte agus is féidir maidir le gach cinneadh agus nós imeachta óna leanann cinntí, agus na gníomhartha a dhéanann siad. Is cóir cinntí a mhíniú agus níor chóir srian a chur le faisnéis ach amháin má mheastar a leithéid de shrian a bheith chun leas an mhórphobail;

  • Freagrúlacht - ba chóir do Chonradh na Gaeilge a chinntiú gur féidir a léiriú go bhfuil sé ag baint úsáid cheart as acmhainní agus nach bhfuil cúis a cháinte ann go bhfuil siad á n-úsáid ar son cuspóirí príobháideacha, páirtíneacha nó polaitiúla.  Ba chóir do bhaill foirne/saorálaithe cuimhneamh ar na riachtanais seo agus iad ag bainistiú a gcuid ama agus acmhainní agus gan am nó acmhainní i bhfostaíocht Chonradh na Gaeilge a úsáid ar son cuspóirí príobháideacha, páirtíneacha nó polaitiúla;

  • Macántacht - tá de dhualgas ar bhaill foirne/saorálaithe leasa príobháideacha a bhaineann lena gcuid oibre a nochtadh agus bearta a dhéanamh aon coinbhleacht leasa fhéideartha a réiteach chun iad féin agus an leas poiblí a chosaint.  Áirítear leis seo leas indibhidiúil agus leas gaolmhar grúpa. Déanann baill foirne/saorálaithe dearbhú bliantúil;

  • Ceannaireacht - táthar ag tnúth leis ó bhaill foirne/saorálaithe an cód agus na prionsabail seo a chur chun cinn le heiseamláir, go háirithe i dtaca le baill foirne/saorálaithe atá faoina maoirseacht;

  • Luach ar airgead - ba chóir do bhaill foirne/saorálaithe a chinntiú go dtugtar seirbhísí inmheánacha agus seirbhísí a ndéantar tairiscint ina leith ar an mbealach is eacnamaíche, is éifeachtaí agus is éifeachtúla, le measúnú cuí ar fheidhmiúlacht.

 

Tá Conradh na Gaeilge tiomanta d’fheabhsú na heagraíochta agus gach duine san eagraíocht.  Agus an gá leis na baill foirne/saorálaithe gníomhú i dtimpeallacht foirne san áireamh, tá Conradh na Gaeilge ag tnúth le hoscailteacht don fheabhsú agus don oibriú foirne ag gach ball foirne/saorálaí.

Conradh na Gaeilge

6 Harcourt Street, Dublin 2.
Phone: +353 (0) 1 475 7401, Fax: +353 (0) 1 475 7844, Email: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.