Conradh na Gaeilge

Nuacht

Preasráiteas


Aibreán, 2010

Ratoath Gaelscoil To Proceed Without Departmental Recognition

30/04/10

The founding committee of Gaelscoil Ráth Tó have announced that they are to set up the school without departmental recognition in September 2010.

Ar Lean »

Ionaid Chultúir Ar Fáil Don Phobal

27/04/10

Tá Conradh na Gaeilge ag cur an dá áras i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh de chuid na heagraíochta ar fáil do phobal na Gaeilge le húsáid mar ionaid chomhdhála, chruinnithe, ranganna agus eile chun árais an Chonartha a fhorbairt mar lárionaid chultúrtha Ghaeilge i gcroílár an dá chathair.

Ar Lean »

Feachtas Aitheantas na nGaelscolaíochta

26/04/10

Tá fógartha ag cúig eagraíocht Ghaeilge go bhfuil siad ag teacht le chéile i gcomhfhiontar chun tacú le Gaelscoil nuabhunaithe.

Ar Lean »

Pádraig Mac Fhearghusa Ath-Thofa

17/04/10

Tá teachtaí tar éis Pádraig Mac Fhearghusa ó Chraobh Thrá Lí a ath-thoghadh mar Uachtarán ar an eagraíocht don tríú bliain as a chéile ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2010 san Óstán Strand, Luimneach inniu, 17 Aibreán 2010. Bhí an bua ag Mac Fhearghusa ar Sheán Ó hAdhmaill ó Craobh na nGael Óg a bhí in iomaíocht d'Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge don chéad uair.

Ar Lean »

Ról Chonradh na Gaeilge i Stráitéis 20 Bliain an Rialtais Á Phlé Ag An Aire Carey

13/04/10

Labhróidh an tAire nua Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey, TD, ar na deiseanna atá ann do Chonradh na Gaeilge i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais ag oscailt oifigiúil Ard-Fheis an Chonartha san Óstán Strand, Luimneach ag 9.00in oíche Aoine, 16 Aibreán 2010.

Ar Lean »

Béim ar an mBéaltriail!

06/04/10

Beidh an bhéim ar mhuinín agus ar chumas na ndaltaí atá ag tabhairt faoin scrúdú cainte Gaeilge don Ardteistiméireacht sna seachtainí amach romhainn a ardú ag na cúrsaí ullmhúcháin Ardteiste atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge, ag tosú i 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 Dé Domhnaigh, 11 Aibreán 2010, óna 10.00rn - 5.00in.

Ar Lean »