Conradh na Gaeilge

Nuacht

Preasráiteas


Samhain, 2009

Cúrsa Ullmhúcháin Lae in Áth Cliath

16/11/09

Beidh an chéad chúrsa ullmhúcháin don agallamh Gaeilge do chúrsa iarchéime na bunmhúinteoireachta á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcroílár na cathrach in Uimhir a Sé, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 Dé Sathairn, 21 Samhain 2009, óna 10.00rn - 5.00in.

Ar Lean »

Ciorcail Chomhrá Is Leor Beirt Seolta

09/11/09

Brídín Ní Cheallaigh, Togra Mhaigh Eo & Áine Ní Iarnáin, Togra na Gaillimhe de chuid Chonradh na Gaeilge ag seoladh na scéime Is Leor BeirtTá Conradh na Gaeilge ag cur tús leis an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá dar teideal Is Leor Beirt i gcomhar le Scéimeanna Phobail Gaeilge timpeall na tíre inniu, Dé Luain, 9 Samhain 2009.

 

Ar Lean »

Micheál Ó Brolacháin 1960 -2009

03/11/09

Cailleadh an gníomhaí teanga, scríbhneoir, foilsitheoir, fear grinn agus Gael dílis, Micheál Ó Brolacháin, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2009, agus é 49 mbliana d'aois.

Chaith Micheál na blianta ag troid ar son chearta phobal na Gaeilge, go háirithe i réimse na teilifíse. Chaith sé roinnt blianta mar bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus de Bhuanchoiste náisiúnta an Chonartha. B'urlabhraí náisiúnta Chonradh na Gaeilge ar na meáin chumarsáide é tráth agus ba mhinic é ag agóidíocht ar son tuilleadh cláracha Gaeilge ar RTÉ. Thacaigh sé go láidir leis an bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse. Bhí sé i measc an lucht agóide a cheangail iad féin le slabhraí le ceannáras RTÉ i nDomhnach Broc chun a míshástacht leis an easpa cláracha Gaeilge ar RTÉ a léiriú. Ba cheannaire de chuid an bhrúghrúpa Freagra é, freisin.

Ar Lean »

Scéalaíocht agus Ceol san Áras

03/11/09

Beidh seisiún scéalaíochta le Máirín Mhic Lochlainn ar siúl i gClub Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh ar an Satharn, 7 Samhain 2009 ón 2.00 - 5.00in agus beidh agus seisiún cheoil thraidisiúnta le Dusty Banjos níos déanaí an oíche chéanna.

Seo deis do mhuintir na Gaillimhe roinnt seanscéalta gaelacha a chloisteáil ó bhean a fuair ón mbéaloideas iad. Máirín MhicLochlainn ó Chonamara a bheidh ag scéalaíocht. Mairfidh an scéalaíocht féin timpeall uair an chloig, ach glacfaidh sí sos nó dhó, agus beidh deis ag daoine ceisteanna a chur uirthi ag an deireadh.

Ar Lean »

Bás Aindrias Uí Scolaí

02/11/09

Bhásaigh Aindrias Ó Scolaí go tobann ar 29 Deireadh Fómhair 2009 ina theach i mBaile Hearmann.

Aistriú óna theach inniu De Luain ag 17:30 go dtí Eaglais Naomh Bhríde, Cill Easra. Sochraid tar éis Aifreann 10:00 Dé Máirt go reilig Naomh Fhionntáin.

Ar Lean »

Airneán i gCathair na Gaillimhe

02/11/09

Beidh Club Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh mar ionad do shraith nua oícheanta chultúrtha ar an dara Mháirt de gach mí.

Is é Joe Steve Ó Neachtain - scríbhneoir, aisteoir, drámadóir, agus craoltóir - a chuirfidh tús leis seo le comhrá agus píosa léitheoireachta ar an Máirt, 10 Samhain 2009 ag 8.15in. Tá Joe Steve mar dhuine de scríbhneoirí na Gaeilge ar a bhfuil is mó measa agus cáile.

Ar Lean »