Nuacht
Preasráiteas
Meán Fómhair, 2009
Comhionannas sna Códphoist
Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh ráiteas a rinne an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha ar an Luan, 21 Meán Fómhair 2009, ag fógairt córas códphoist nua d'Éirinn in 2011 ach cuirtear fainic roimh chóras bunaithe ar na logainmneacha Béarla.
Ar Lean »Stocaireacht Frith-Snip
Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an Rialtas An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá le foilsiú ag deireadh Mheán Fómhair 2009 a chur san áireamh sula ndéantar aon chinneadh faoi na moltaí i dTuarascáil an Ghrúpa Speisialta ar Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais a bhaineann leis an nGaeilge.
Ar Lean »Nuachtáin Bhéarla na hÉireann Dall ar Chultúr Phobal na Gaeilge
Beidh Léacht Nollaig Uí Ghadhra ar siúl in Acadamh Ríoga na hÉireann, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2 ag 7.00 i.n. Dé Máirt, 22 Meán Fómhair 2009, agus is é Saothrú na Gaeilge ar Nuachtáin Náisiúnta Bhéarla na hAoise Seo Caite: Sop nó Solamar? an téama a bheidh faoi chaibidil ag an Ollamh Nollaig Mac Congáil ar an oíche.
Ar Lean »Stair Éalaithe an IRB ar Oíche Chultúir
Beidh Conradh na Gaeilge ag glacadh páirt i gceiliúradh Oíche Chultúir 2009 arís i mbliana agus an iliomad imeacht eagraithe i gcomhar le Seachtain na Gaeilge, Ógras agus Club Chonradh na Gaeilge in Uimhir a 6 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath agus in Áras Íde, 18 Sráid Thomáis i Luimneach ar an 25 Meán Fómhair 2009.
Ar Lean »Cuir Ort Do Gheansaí Gaeilge!
Cuirfear tús le ranganna oíche Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an tseachtain dár tús 21 Meán Fómhair 2009 agus tá praghas laghdaithe á chur ar fáil do dhaoine dífhostaithe i mbliana.
Ar Lean »



