Conradh na Gaeilge

Nuacht

Preasráiteas


Lúnasa, 2009

Tacaíocht do Léirsiú na mBan Tí

25/08/09

Iarrann Conradh na Gaeilge ar gach éinne ar mhór leis nó léi an Ghaeilge tacaíocht a léiriú do na mná tí a bheidh ag léirsiú lasmuigh d'oifigí na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, ag 2.00in Dé Céadaoin, 2 Meán Fómhair 2009.

Ar Lean »

Comhbhrón ar Bhás Cháit Uí Chadhain

11/08/09

Is cúis mhór bhróin do Chonradh na Gaeilge bás Cháit Uí Chadhain, bean uasal mhisniúil as Gaeltacht Chonamara a chaith formhór a saoil i mBaile Átha Cliath. Bhí Cáit an-ghníomhach i ngnéithe éagsúla de shaol na Gaeilge sa chathair. Thóg sí a clann le Gaeilge, d'fhreastail sí ar imeachtaí Gaeilge agus is beag agóid a bhain leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht nach raibh sí páirteach ann nuair a bhí sí ina sláinte.

Ar Lean »