Conradh na Gaeilge

Nuacht

Preasráiteas


Meitheamh, 2009

Beartas Oideachais don Ghaeltacht

30/06/09

1246347366tionl_dn_chaoin_rp

Is in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí, a bheidh seimineár Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge, I dTreo Pholasaí Oideachais Gaeltachta, Dé hAoine 3 Iúil 2009 ag 8.00in.

Ar Lean »

Niall Comer Tofa Ina Uachtarán ar Chomhaltas Uladh

29/06/09

1246273906niall_comer

Toghadh Niall Comer ina Uachtarán ar Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge ag Dáil Mhór an Chomhaltais le déanaí. Tagann Niall mar chomharba ar Sheán Ó Labhra, a chaith na blianta fada ag gníomhú thar ceann an Chomhaltais agus tá ardmholadh tuillte aige as an obair sin.

Ar Lean »

Ranganna Gaeilge na Gaillimhe

29/06/09

An bhfuil aithne agat ar éinne atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ón tús nó an bhfuil sé ar intinn agat féin dul chun cinn a dhéanamh leis an méid atá agat? B'fhéidir go bhfuil tú ag machnamh ar an Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach?

Tá Conradh na Gaeilge i nGaillimh ag reáchtáil dianchúrsaí do thosaitheoirí agus do dhaoine le bunleibhéal Gaeilge ón 6 - 23 Iúil 2009.

Ar Lean »

Bua Gaeilge ag na Bainc

26/06/09

Is cúis mhór áthais do Choiste Chontae Átha Cliath de Chonradh na Gaeilge a chloisteáil go ndeachaigh an feachtas a thosaigh siad le rogha na Gaeilge a chur ar uathmheaisíní bainc (UMB) i bhfeidhm ar bhainistíocht Bhanc na hÉireann agus go bhfuil rogha teanga le fáil ar gach inneall airgid de chuid an bhainc anois.

Ar Lean »

Buille Tubaisteach don Iriseoireacht

26/06/09

Is oth le Conradh na Gaeilge a chloisteáil go gcaillfidh deichniúr a bpost sna sála ar fhógra an chomhlachta Móinéar Teo go bhfuil sé i gceist acu foilsiú an nuachtáin Ghaeilge sheachtainiúil Foinse a scor i ndiaidh eagrán an deireadh seachtaine seo.

Ar Lean »

Blas Eorpach ar Chamchuairt Glac Leis

15/06/09

1245843905lch_5_gaelchrta_rpBeidh Conradh na Gaeilge ag cur daoine óga ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile agus san Eoraip mar chuid den bhfeachtas feasachta Glac Leis, le cúnamh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha faoin tionscnamh An Eoraip A Chur in Iúl.

Ar Lean »

Tacaíocht do Nuachtán na Gaeilge

10/06/09

Léirigh Conradh na Gaeilge tacaíocht don nuachtán seachtainiúil Foinse i bhfianaise an chruinnithe chinniúnaigh a bheas ag Pádraig Ó Céidigh, úinéir an nuachtáin, le Foras na Gaeilge maidir le cúrsaí maoinithe an pháipéir níos déanaí inniu, Dé Céadaoin, 10 Meitheamh 2009.

Ar Lean »

Tionól i nGaeltacht na Ríochta

09/06/09

1244538757tionol_kayak_rp

Ar Lean »