Conradh na Gaeilge

Nuacht

Preasráiteas


Deireadh Fómhair, 2008

Ciorrú ina Chlaonadh Aicme

28/10/08

Cháin Conradh na Gaeilge an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go géar as cur le claontacht aicme ag an dara leibhéal oideachais trí stop a chur le deontas múinteoireachta na gcoláistí samhraidh sa cháinaisnéis is déanaí, agus léirigh a dtacaíocht iomlán do na coláistí samhraidh a fhulaingeoidh faoin gciorrú seo.

Ar Lean »

Feachtas na Feiceálachta

23/10/08

D'fhógair Conradh na Gaeilge go mbeidh Feachtas na Feiceálachta: Seachnaíonn Súil Ní Nach bhFeiceann mar theideal ar Sheimineár an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh ag 11.00rn ar an 1 Samhain 2008, áit go bpléifear pacáistiú dátheangach ar earraí, comharthaí bóthair agus cóid phoist.

Ar Lean »

Traenáil na Mac Léinn

15/10/08

Beidh mic léinn ó chumainn ghaelacha fud fad na hÉireann ag triail ar Bhaile Átha Cliath Dé hAoine seo fá choinne chomhdháil dea-chleachtais.

Ar Lean »

Bus go Béal Feirste, Acht Gaeilge Anois!

10/10/08

Beidh bus ag fágáil ó Cheann-Áras an Chonartha ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ag 09.30rn Dé Sathairn an 11 Deireadh Fómhair 2008 le dul chuig Béal Feirste chun tacaíocht a thabhairt do Ghaeilgeoirí ó thuaidh agus mórshiúlta ar fud na cathrach eagraithe acu chun Acht Gaeilge don Tuaisceart a éileamh.

Ar Lean »

Scéim Chónaithe ITBÁC faoi Lán Seoil

10/10/08

1223638304arasangaeilgeitbac_rpBa mhaith le Coiste na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath fáilte mhór a chur roimh rannpháirtithe Scéim Chónaithe Ghaeilge na hInstitiúide. Is é seo an chéad bhliain don Scéim Chónaithe Ghaeilge a bheith ar siúl agus tá an-áthas ar Choiste na Gaeilge go bhfuil ceathrar ag cur fúthu in árasán ar Shráid Líosain tré mheán na Gaeilge agus chun páirt ghníomhach a ghlacadh i gcur chun cinn na Gaeilge ar fud na hInstitiúide i rith na bliana. Tá ceathrar cailíní ó fud na tíre san árasán Gaeilge agus tá siad gníomhach cheana féin ag eagrú imeachtaí ar fud an Choláiste.

Ar Lean »

An-Tacaíocht ó Cowen don Ghaeilge

09/10/08

1223551762toscaireacht_rpBhuail toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge leis an Taoiseach Brian Cowen agus an Aire Éamon Ó Cuív i dTeach Laighin inné, 08 Deireadh Fómhair 2008, chun dul chun cinn na Gaeilge a phlé, go háirithe i gcomhthéacs an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
 
Phlé Conradh na Gaeilge cúrsaí oideachais, dlí agus eile leis an Taoiseach agus an Aire, ag éileamh go gcuireadh an Roinn Oideachais deireadh leis an bhfeachtas díobhálach in aghaidh an luath-thumoideachais iomláin agus ag iarraidh go mbeadh billí Oireachtais i nGaeilge os comhair na Dála,.
 
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Cruinniú an-dearfach a bhí ann agus is cúis mhór dóchais dúinn gur léirigh an Taoiseach an oiread sin spéise i moladh an Chonartha go gcaithfeadh ábhar oidí tréimhse sa Ghaeltacht ag tús a gcúrsa oiliúna, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas.
 
"Creideann an Conradh go bhfuil cúrsaí oideachais ag croílár cur chun cinn na teanga agus is gá tacaíocht a bheith ag an luath-thumoideachas iomlán sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nó scriosfar a bhfuil fágtha den Ghaeltacht, ó tá dearcadh reatha na Roinne Oideachais ina bhac díobhálach ar sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin."
 
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: "Mar a phléadh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge le déanaí, tá sé den tábhacht go ndéanfaí an Straitéis 20 Bliain a chomhordú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach tras-rannach tríd an roinn is fearr chun é sin a chur i gcrích, is é sin Roinn an Taoisigh.
 
Ní fiú faic é an Straitéis mura gcuirtear i bhfeidhm é ach is ábhar misnigh don Chonradh go bhfuil an Taoiseach reatha chomh tiomáinte don teanga, agus tá dóchas á chur againn ann go ndéanfaí sé beart de réir bhriathar na Straitéise i gcomhar leis an Aire Gaeltachta amach anseo."
 
Mar chuid de thoscaireacht Chonradh na Gaeilge, ba iad Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán; Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí; Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta; agus Donnchadha Ó hAodha, Dáil na Mumhan a bhuail leis an Taoiseach Brian Cowen agus an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.

Ar Lean »

Bainc le Barántas, Bainc le Gaeilge

08/10/08

Creideann Conradh na Gaeilge go dtagann na bainc Éireannacha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 de thoradh an bharántais dar luach €400 billiún a thug an Stát dóibh an tseachtain seo caite, agus go mba chóir go mbeadh iallach reachtúil orthu seirbhísí baincéireachta ar-líne agus na hinnill airgid acu a sholáthar go dátheangach don phobal dá réir.

Ar Lean »

Fáiltiú Roimh Rialacháin 2008

01/10/08

D'fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh fhógairt an Aire Éamon Ó Cuív inniu go dtiocfaidh Rialacháin 2008 um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) i bhfeidhm ar an 1 Márta 2009, ós cinnte go gcuirfidh siad go mór le feiceálacht na Gaeilge san earnáil phoiblí, ach thug an Conradh le fios go bhfuil géarghá fós le rialacháin maidir le fógraíocht agus síneacha tráchta.
 
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge: "Fáiltíonn an Conradh go mór roimh shíniú Rialacháin 2008 agus tréaslaíonn an méid atá bainte amach go dtí seo leis an Aire Ó Cuív le cúnamh Acht na dTeangacha Oifigiúla.
 
"Is gné lárnach de chur chun cinn na Gaeilge í feiceálacht na teanga, agus a bhuíochas do bhrú leanúnach ón gConradh agus ó eagraíochtaí pobail Gaeilge eile, bheartaigh an tAire Ó Cuív ar rialacháin thábhachtacha bhreise maidir le cúrsaí fógraíochta a phlé san Fhómhar, ach is gá dúinn leanúint leis an mbrú chun an plé seo a bhrostú ar aghaidh, agus chun go gcuirfí síneacha tráchta san áireamh sna rialacháin freisin."
 
Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: "Tá tionchar ag síneacha tráchta ar dhearcadh an phobail i leith tábhacht na teanga, agus níor ghá ach leasú simplí a dhéanamh ar Alt 95 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961, lena bhforálfaí nach bac aon rud san alt sin ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta rialacháin a dhéanamh maidir le síneacha tráchta.
 
"Is léir don Chonradh go bhféadfaí an leasú seo a dhéanamh comhthreomhar le déanamh na rialachán, agus go bhfuil tábhacht nach beag le síneacha tráchta dátheangacha chun féiníomhá tíre atá tiomáinte don dátheangachas a chur in iúl."
 
Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an gComhchoiste um Gnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, agus ar an Aire Ó Cuív, seasamh na Gaeilge a láidriú trí chúrsaí fógraíochta a phlé agus a chur san áireamh sna rialacháin, trí choinníollacha mar gheall ar shíneacha tráchta a leagadh síos, agus trí na díolúintí maidir le gnó lasmuigh den Stát agus lógónna a bhaint.
 
Tuilleadh eolais:
Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
066 7124169 / 087 2901154

Ar Lean »