Nuacht
Preasráiteas
Aibreán, 2008
Práinn na Rialachán
Léiríonn fógra na nGardaí Síochána i mBéarla, i bPolainnis agus i Sínis ach gan tagairt ar bith don Ghaeilge san Irish Times inné, 22 Aibreán 2008, an géarghá atá le cúrsaí fógraíochta a chur san áireamh sna Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9), a d'fhoilsigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív i 2006 ach nach bhfuil sínithe aige fós, dar le Conradh na Gaeilge.
Ar Lean »Léacht Thumoideachais an Chonartha Ag Cothú Conspóide
Thug an tUasal Dónal Ó hAiniféin aghaidh ar ábhar conspóideach an tumoideachais ag Léacht Chonradh na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2 aréir, 22 Aibreán 2008, agus mhol go bhforbrófaí múnlaí páirt- agus meán-thumoideachais, sa bhreis ar níos mó taighde dúchais a dhéanamh ar mhúnlaí an luath-thumoideachais iomláin in Éirinn, chun rogha níos fearr a thabhairt do thuistí ag iarraidh leas a bhaint as an gcóras Gaelscolaíochta dá bpáistí.
Ar Lean »Fóram Tumoideachas an Chonartha Ceal Aire Oideachais
Beidh ábhar conspóideach an tumoideachais á chíoradh ag an tUasal Dónal Ó hAiniféin ag Léacht Chonradh na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2 Dé Máirt an 22 Aibreán 2008 ag tosú ag a 8.00 i.n - ach ní bheidh an tAire Oideachais i láthair.
Is iar-Uachtarán Gaelscoileanna Teoranta agus príomhoide reatha Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg é Ó hAiniféin, aoi-chainteoir na Léachta, agus is cinnte go dtabharfaidh sé an-díospóireacht agus léargas ar an ábhar don lucht éisteachta ó tá taighde fíorthábhachtach ar mhúnlaí an luath-thumoideachais iomláin in Éirinn curtha i gcrích aige mar chuid de mháistreacht ealaíon i Teagasc Teangacha (an Ghaeilge) le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le déanaí.
Ach cé go bhfuil an CNCM, COGG, Cumann Múinteoirí Éireann, eagrais Ghaeilge ar fud na tíre agus fiú Comhchoiste Oideachais agus Eolaíochta an Oireachtais féin i ndiaidh moladh don Aire Hanafin gur chóir taighde dúchais a dhéanamh sula ndéanfaí aon iarracht ciorclán 0044/2007 na Ranna Oideachais a chur i bhfeidhm, agus ainneoin saineolas Uí Ainiféin go háirithe i réimse an tumoideachais in Éirinn, ní bheidh an tAire Oideachais agus Eolaíochta ag an léacht ríthábhachtach seo, ná níor cuireadh in iúl don Chonradh go mbeadh aon ionadaí ón Roinn Oideachais ag teacht ina háit.
Ré Spleodrach Nua don Chonradh
Ghlac móramh thar na bearta le bunreacht nua a fhógraíonn ré spleodrach úr do Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis speisialta spreagúil de chuid na heagraíochta i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite, 12 Aibreán 2008.
Ar Lean »



