Conradh na Gaeilge

Nuacht

Preasráiteas


Aibreán, 2007

Bliain Eile do Mhac Cárthaigh Mar Uachtarán ar an gConradh

20/04/07

Tá bliain eile roimhe amach ag Dáithí Mac Cárthaigh mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Toghadh arís é gan fhreasúra ag Ard-Fheis an Chonartha atá ar siúl in Óstán Westport, Cathair na Mart an deireadh seachtaine seo. Is é téama na hArd-Fheise i mbliana ‘An tOlltoghchán: pleanáil, oideachas, agus cearta'.

Ar Lean »

Acht Gaeilge De Dhíth do Thuaisceart na hÉireann

20/04/07

Tá Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, tar éis ard-mholadh a thabhairt don obair atá déanta ag POBAL ag ullmhú dréacht-Achta Gaeilge do na Sé Chontae agus leanfaidh Conradh na Gaeilge ag comhoibriú le POBAL chun go n-achtófaí ina dhlí é.

Ar Lean »

Díospóireacht an Olltoghcháin ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gCathair na Mart

16/04/07

Beidh Díospóireacht an Olltoghcháin ar siúl ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, Dé hAoine, 20 Aibreán, ar 21.00 in Óstán Chathair na Mart (Westport Hotel). Is iad Seán Ó Neachtain, MEP, Fianna Fáil, agus Dinny McGinley, TD, Fine Gael, a bheidh ag gabháil i mbun na díospóireachta seo agus cuirfear beartais an dá pháirtí don chéad chlár rialtais eile i leith na Gaeilge in iúl ann. Is í Áine Ní Chiaráin, iriseoir le Foinse, a bheidh mar Chathaoirleach ar an díospóireacht. Is deis mhaith í seo do mhórphobal na Gaeilge a fháil amach cén seasamh atá ag an dá pháirtí pholaitiúla is mó i leith na Gaeilge agus ceisteanna a chur orthu faoi réimse áirithe de chur chun cinn na teanga.

Ar Lean »