Nuacht
Agus Conraitheoirí ag saothrú ar son na teanga, is minic go mbíonn muid ag plé leis na meáin chumarsáide. Tá gach preasráiteas agus gach nuachtlitir de chuid an Chonartha le fáil thíos agus má tá breis eolais de dhíth, bí i dteagmháil le foireann na hArd-Oifige.
Beidh cuairt ar oileán Thóraí faoi threoir Rí an Oileáin, Patsy Dan Mac Ruairí, ar cheann de bhuaicphointí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ón 1-4 Iúil 2010. Eagraíonn Conradh na Gaeilge saoire i nGaeltacht éagsúil gach samhradh chun deis a thabhairt do chainteoirí líofa agus d'fhoghlaimeoirí na teanga araon sult a bhaint as áilleacht na Gaeltachta, gníomhaíochtaí spraíúla lae agus siamsa na hoíche i gcomhluadar iomlán Gaeilge i gcaitheamh an chéad dheireadh seachtaine i mí Iúil.
Ní hamháin gurb é Gaoth Dobhair an paróiste Gaeltachta is mó in Éirinn le daonra do 4,065, ach tá cáil ar an gceantar as áilleacht na háite agus é suite os cionn Loch Dhún Lúiche faoi scáil na hEaragaile maorga, an cnoc is airde i gCo. Dhún na nGall. Chomh maith le tránna agus aillte ar an gcósta, tá gleanntáin fhairsinge thart ar Ghaoth Dobhair - Gleann Nimhe, Caisleán Ghleann Bheatha agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, an páirc náisiúnta is mó sa tír ina measc - agus beidh deis ag lucht freastail an Tionóil cuairt a thabhairt ar Oileán Thoraí Dé hAoine, 02 Iúil 2010, agus ar Chaisleán Gleann Bheatha agus na gairdíní Dé Domhnaigh, 03 Iúil 2010.
Tá Conradh na Gaeilge ag obair i gcomhpháirt le heagrais eile Gaeilge agus óige mar aon le muintir na háite i nDún na nGall chun réimse leathan imeachtaí a chur ar fáil i mbliana, agus cuirfear tús le Tionól Gaeltachta 2010 le fáiltiú i gcomhar leis an iris Feasta agus seisiún ceoil eagraithe ag Seachtain na Gaeilge in Óstán Gaoth Dobhair ag 9.00in Déardaoin, 1 Iúil 2010. Beidh turas lae go Toraí, dráma le hAisteoirí Ghaoth Dobhair, tuilleadh ceoil agus club oíche Dodge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn ar siúl Dé hAoine, 2 Iúil 2010. Leanfar leis an spraoi Dé Sathairn, 3 Iúil 2010, le siúlóid sléibhe leis Na Cnocadóirí dóibh siúd atá níos aclaí, imeachtaí spraíúla le hÓgras agus Comhluadar dóibh siúd atá níos óige, tráth na gceist i bpáirt le Glór na nGael agus réimse breá imeachtaí breise ar nós iascaireacht fharraige, galf, tonnmharcaíocht, cóireáil áilleachta, srl.
Díreofar leis ar chuid d'fhadhbanna an cheantair Ghaeltachta mar chuid de Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge agus reáchtálfar seimineár ar an ábhar Céard is Gaeltacht sa 21ú Aois? i bpáirt le Guth na Gaeltachta ag 8.30in oíche Shathairn, 3 Iúil 2010, ina ndéanfar scrúdú ar staid na Gaeltachtaí trí chéile, ag caitheamh súil ar an tsamhail Ghaeltachta atá luaite i nDréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais. Fáilteofar roimh lucht an Tionóil agus muintir na háite ar an oíche agus cuirfear críoch leis an lá le ceol agus siamsaíocht agus club oíche Eden le Raidió Rí-Rá. Tiocfaidh an Tionól féin chun críche Dé Domhnaigh, 4 Iúil 2010, le siúlóid sléibhe eile, Aifreann i nGaeilge agus cuairt ar Chaisleán Gleann Bheatha agus na gairdíní ann.
Tá pacáiste speisialta ar €230 curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin - Domhnach, béilí tráthnóna, turas ar oileán Thóraí, seimineár, dráma agus na himeachtaí sóisialta. Tá eolas breise agus clárú don Tionól ar fáil www.tionol.com nó anseo.
TUILLEADH EOLAIS:
Peadar Mac Fhlannchadha
Timire Náisiúnta, Conradh na Gaeilge.
+353 (0)91 567824 / +353 (0)87 4188050
Cóilín Ó Cearbhaill
Comheagraí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge.
+353 (0)86 8599067
CLÁR THIONÓL GAELTACHTA CHONRADH NA GAEILGE 2010:
DÉARDAOIN 1 IÚIL 2010
9.00in Fáiltiú & Oscailt Oifigiúil le Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge i bpáirt le Feasta
10.00in Seisiún Ceoil in Óstán Gaoth Dobhair i bpáirt le Seachtain na Gaeilge
DÉ hAOINE 2 IÚIL 2010
11.30rn Turas báid go hOileán Thoraí
Turas timpeall an Oileáin le Patsy Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí i bpáirt le Comharchumann Oileán Thoraí
6.00in Béile tráthnóna in Óstán Gaoth Dobhair
8.30in Dráma le hAisteoirí Ghaoth Dobhair
10.00in Seisiún Ceoil i dTeach Hiúdaí Beag i bpáirt leis an gCabaret Craiceáilte
12.30rn Club Oíche Dodge i bpáirt le hAontas na Mac Léinn in Éirinn
DÉ SATHAIRN 3 IÚIL 2010
10.00rn Siúlóid sléibhe i bpáirt leis Na Cnocadóirí
11.30rn Imeachtaí do dhaoine óga i bpáirt le hÓgras agus Comhluadar
12.00in Turas an cheantair nó imeacht breise (beidh rogha imeachtaí breise ar fáil sa cheantar ar nós iascaireacht fharraige, galf, tonnmharcaíocht, cóireáil áilleachta, srl.) agus cuirfear pacáiste eolais ar fáil do gach duine a chláraíonn don Tionól. *Níl na himeachtaí seo clúdaithe i dtáille an Tionóil.*
5.00in Tráth na gCeist Boird in Óstán Gaoth Dobhair i bpáirt le Glór na nGael
6.30in Béile tráthnóna in Óstán Gaoth Dobhair
8.30in Seimineár: Céard is Gaeltacht sa 21ú Aois? i bpáirt le Guth na Gaeltachta
9.00in Oíche Cheoil & Siamsaíochta
12.30rn Club Oíche Eden
i bpáirt le Raidió Rí-Rá
DÉ DOMHNAIGH 4 IÚIL 2010
10.00rn Siúlóid sléibhe i bpáirt leis Na Cnocadóirí
11.00rn Aifreann
12.30in Cuairt ar Chaisleán Gleann Bheatha agus na gairdíní (lón ar fáil sa chaisleán)




