Nuacht
Agus Conraitheoirí ag saothrú ar son na teanga, is minic go mbíonn muid ag plé leis na meáin chumarsáide. Tá gach preasráiteas agus gach nuachtlitir de chuid an Chonartha le fáil thíos agus má tá breis eolais de dhíth, bí i dteagmháil le foireann na hArd-Oifige.
Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an Rialtas An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá le foilsiú ag deireadh Mheán Fómhair 2009 a chur san áireamh sula ndéantar aon chinneadh faoi na moltaí i dTuarascáil an Ghrúpa Speisialta ar Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais a bhaineann leis an nGaeilge.
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Creideann an Conradh gur gá go mbeadh an pobal agus an Rialtas feasach faoi easnaimh, faoi mhíthuiscintí, agus faoin easpa eolais fiú i gcásanna áirithe, a bhí ar an nGrúpa Speisialta maidir le hearnáil na Gaeilge agus le tábhacht na Gaeltachta. Dá gcuirfí na moltaí atá sa tuairisc ón nGrúpa Speisialta i bhfeidhm, ba ionann é agus díscor ar pholasaí an stáit ó 1922 anall, maidir le cothú agus cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht, agus lasmuigh den Ghaeltacht féin."
"Ba thubaist don teanga agus don Ghaeltacht trí chéile a bheadh ann dá gcuirfí moltaí ó thuarascáil an Bhoird Snip Nua i bhfeidhm ar bhealach a chuirfeadh deireadh leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta mar shampla; agus níos measa fós dá gcuirfí seirbhísí Gaeilge na Roinne céanna de dhualgas ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Níl sé d'acmhainn ná de chumas ag an Roinn Oideachas cúram a dhéanamh den Ghaeilge."
Creideann an Conradh go gcaithfear na moltaí atá déanta ag an nGrúpa Speisialta maidir leis an nGaeilge a mheas in éineacht leis na moltaí a bheidh sa straitéis 20 bliain i leith na teanga, atá idir láimhe ag an Roinn Gaeltachta faoi láthair, chun go dtiocfar ar an mbealach is fiúntaí chun luach a fháil ar airgead na tíre gan damáiste as cuimse a dhéanamh don acmhainn chultúir, chogneolaíochta agus phobail luachmhar atá againn sa teanga.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: "Is ionann Scéim na bhFoghlaimeoirí Teanga agus infheistíocht rialtais de €5m sa bhliain i dtionscal a ghineann tuairim is €50m sa bhliain don gheilleagar áitiúil i gceantair Ghaeltachta, agus a chruthaíonn 2,000 post sealadach gach samhradh, chomh maith le fostaíocht lán-aimseartha a chruthú do 60 duine ar a laghad i rith na bliana. Más luach ar airgead atá á lorg againn ón mBord Snip Nua, ní dhéanann sé ciall críoch a chur le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge atá ag déanamh an oiread sin leis an eacnamaíocht áitiúil sa Ghaeltacht a chothú le blianta beaga anuas."
Ag trácht ar an moladh go gcuirfí deireadh leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) freisin, dúirt Uachtarán an Chonartha: "Aithníonn an Conradh go bhfuil obair riachtanach á dhéanamh ag COGG i dtaca le múineadh agus foghlaim na Gaeilge inár scoileanna fud fad na tíre, agus ba thubaist eile don teanga é dá gcuirfí deireadh le sár-shaothar COGG."
Tá freagra oifigiúil Chonradh na Gaeilge ar mholtaí a bhaineann leis an nGaeilge i dTuarascáil an Ghrúpa Speisialta ar Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais ar fáil ar-líne anseo agus tá sé curtha chuig gach Teachta Dála, gach Aire cuí, 200 chraobh agus baill aonair de chuid an Chonartha. Beidh an Conradh ag dul os comhair an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta ar an gCéadaoin, 23 Meán Fómhair 2009, le moltaí an Bhord Snip Nua agus comharthaí bóthair dátheangacha na hÉireann a phlé freisin.
TUILLEADH EOLAIS:
Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
066 7124169 / 087 2901154
Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 8142757




