Conradh na Gaeilge

Cúpla Focal le Foinse

 

An tseachtain seo, foghlaimeoidh tú:

 

 

 

 

 

• ar mhaith v an maith / I would like v I like

• an aimsir láithreach den bhriathar rialta / the present tense of regular verbs

• conas cur síos ar bhéile / how to describe a meal







Oscail eagrán na seachtaine seo: Cúpla Focal_08 Meán Fómhair 2010

 

 

Freagraí na seachtaine seo:

Súil Siar:

Ar mhaith leat gloine bainne? Ba mhaith/Níor mhaith
An mbeidh cupán tae agat? _Beidh/Ní bheidh______
An ólfaidh tú gloine fíona? _Ólfaidh/Ní ólfaidh____
An nglacann tú siúcra? _Glacann/Ní ghlacann__
An mbeidh pionta agat? _Beidh/Ní bheidh______
Cad ba mhaith leat? _Ba mhaith liom gloine uisce/Níor mhaith liom rud ar bith_
An maith leat fíon dearg? _Is maith/Ní maith_____
Ar mhaith leat gloine uisce? _Ba mhaith/Níor mhaith_
 

Bí ag léamh:

Gach lá ag am lóin buaileann Máire lena cara Joan le haghaidh lóin. Téann siad chuig an bhialann chéanna agus ordaíonn siad an lón céanna gach lá. Ordaíonn Máire anraith an lae agus ceapaire le cáis agus liamháis. Ólann sí gloine bainne. Itheann Joan sailéad úr le sicín. Ólann sí gloine uisce. Ní bhíonn mórán cainte eatarthu agus an lón á ithe acu. Tar éis an lóin ólann Máire cupán tae. Glacann sí siúcra agus bainne. Is maith le Joan cupán caifé. Tógann sí siúcra ach ní maith léi bainne. Déanann siad neart cainte lena chéile agus an tae agus an caife á n-ól acu.
 

 

Faigh ranganna Gaeilge i do cheantar féin ANSEO

Téigh go dtí an suíomh www.foinse.ie