Feachtais
Cóid Phoist
Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Roinn Chumarsáide córas chóid phoist na hÉireann a bhunú ar leagan Gaeilge na logainmneacha, nó ar uimhreacha amháin. Bheadh cóid phoist bunaithe ar fhoirm ghiorraithe den logainm Béarla amháin glan in aghaidh bheartas dátheangach an Rialtais agus bheartas an Aontais Eorpaigh atá meáite ar mhionteangacha a chothú agus a neartú. Thug an tAire Cumarsáide Éamon Ryan le fios nach raibh aon ní i moladh an Bhoird um Thionscnamh na bPostchód Náisiúnta a chuirfeadh in aghaidh bhunú na bpostchód ar leagan oifigiúil an logainm i nGaeilge "I gcás baile atá lonnaithe sa Ghaeltacht" ach níor gheall sé go ndéanfaí seo ná níor luaigh sé aon ní faoi leagan Gaeilge na logainmneacha a bheith ina mbunús do na cóid phoist taobh amuigh den Ghaeltacht.
Chuardaigh leagan Gaeilge logainm do cheantair ar shuíomh nua FIONTAR http://www.logainm.ie/ agus abair leis an Aire Cumarsáide nach foláir go mbeadh cóid phoist na tíre bunaithe ar an leagan Gaeilge seo trí rphost Tacaigh le Cóid Phoist Ghaelacha a sheoladh inniu!




