Conradh na Gaeilge

Feachtais

Feachtas na Feiceálachta

D'eagraigh Conradh na Gaeilge Seimineár dar teideal Feachtas na Feiceálachta: Seachnaíonn Súil Ní Nach bhFeiceann ag Oireachtas na Gaeilge 2008 i gCorcaigh ar an 1 Samhain an bhliain seo caite, áit gur deineadh plé ar phacáistiú dátheangach ar earraí, ar chomharthaí bóthair agus ar chóid phoist. Beidh an t-ábhar faoi chaibidil arís ag cruinniú oscailte i gConradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2 Déardaoin an 22 Eanáir 2009 ag 6.00in um thráthnóna agus tá caoinfháilte roimh gach éinne le spéis san ábhar ag iarraidh moltaí a thabhairt nó díreach le cluas éisteachta a thabhairt don phlé ag an gcruinniú.

Labhair an Dr. Donnchadh Ó Corráin, an Dr Pádraig Breandán Ó Laighin agus an t-abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh, iar-Uachtarán an Chonartha, ar na hábhair éagsúla a bhaineann le feachtas na feiceálachta mar chuid de Sheimineár an Oireachtais. Is iomaí seimineár de chuid an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge le blianta beaga anuas gur spreag feachtais rathúla chun cearta phobal na Gaeilge a chur chun cinn, na feachtais seo a leanas ina measc: STÁDAS (2003), Pleanáil sa Ghaeltacht (2004), agus Stáisiún Raidió Gaeilge don Aos Óg (2007). Is mithid don Chonradh agus do phobal na Gaeilge dar de sinn cur le chéile arís i mbliana agus tabhairt, as an nua, faoi fheachtais atá simplí agus sothuigthe, feachtais a rachaidh chun tairbhe na Gaeilge agus a gheobhaidh tacaíocht fhorleathan, agus bíodh feachtas feiceálachta na Gaeilge ar mhaithe leis an teanga a dhéanamh níos suntasaí ina measc sin. Tá Conradh na Gaeilge tiomanta do chearta teanga phobal na Gaeilge a chur chun cinn, agus is ar mhaithe leis an aidhm sin atáimid ag tabhairt faoin nGaeilge a dhéanamh níos suntasaí i measc an phobail i gcoitinne, agus stádas mar is cuí a bhronnadh ar ár dteanga dhúchais.

I dtíortha eile a bhfuil dhá theanga oifigiúla acu is dlúthchuid den saol poiblí agus den saol príobháideach an dátheangachas sin, agus molann an Conradh go leanfaí dea-eiseamláir Cheanada, na Beilge agus na Fionlainne: an Ghaeilge a chur ar phacáistí bia mar shampla, gníomh simplí nach gcuirfeadh costas ar bith ar an Stát, ach a rachadh go mór chun leasa agus seasaimh na teanga sa ghnáthshaol. Molann Conradh na Gaeilge, chomh maith, go mbeadh an ceartleagan Gaeilge de logainmneacha na tíre chomh sofheicthe céanna leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair na hÉireann, agus pléadh an staidéar a choimisiúnaigh an Conradh ó NCAD ar leagan amach dátheangach comharthaí ag an seimineár, mar aon le ceist na gcód poist a bhunú ar an logainm Gaeilge. Más féidir le pobal na hÉireann tacú go fíochmhar dílis le peileadóirí agus le hiománaithe a bhfuil an logainm Gaeilge ar chúl a gcuid geansaithe acu, tacóidh siad chomh fíochmhar céanna le cód poist bunaithe ar an logainm sin.