Feachtais
Glac Leis
Tá Conradh na Gaeilge ag cur daoine óga ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile agus san Eoraip mar chuid den bhfeachtas feasachta Glac Leis!
Bíonn an Conradh ag dul chuig scoileanna, coláistí tríú leibhéil, ógchlubanna agus coláistí samhraidh ar fud na tíre tríd an mbliain ar fad chun ceardlanna spraíúla spreagúla Glac Leis a reáchtáil, agus le labhairt leis na scoláirí ar fad faoi na buntáistí a bhaineann le stádas oifigiúil oibre na Gaeilge ag leibhéal na hEorpa agus faoi na seirbhísí atá siad i dteideal a fháil trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí sa bhaile in Éirinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
GLAC LEIS in Éirinn
Ó glacadh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá níos mó seirbhísí Gaeilge á gcur ar fáil ag ranna rialtais agus ag eagraíochtaí stáit. Tá na seirbhísí seo á gcur ar fáil de réir a chéile mar chuid de scéimeanna teanga atá á réiteach ag na ranna agus ag na heagraíochtaí éagsúla. Mar thoradh ar an dea-obair seo ar fad tá an iliomad seirbhísí Gaeilge ar fáil anois. Tá sé rídheacair, áfach, do dhuine fios a bheith aige/aici ar céard iad na seirbhísí Gaeilge atá sé/sí i dteideal toisc nach bhfuil aon dá scéim teanga mar an gcéanna.
Chun teacht timpeall ar an bhfadhb éiginnteachta seo, tá Conradh na Gaeilge ag rá dhá rud leat:
- GLAC LEIS go bhfuil an tseirbhís ar fáil; &
- CUIR CEIST!
Má tá an tseirbhís ar fáil, beidh tú ábalta do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Muna bhfuil an tseirbhís ar fáil, beidh tú ag léiriú go bhfuil éileamh ann don tseirbhís sin i nGaeilge láithreach. Chomh maith leis sin, is féidir leat an t-eolas a chur ar aghaidh chuig Conradh na Gaeilge chun gur féidir linn brú ar aghaidh an gá leis an tseirbhís.
Nuair a chuireann tú an Conradh ar an eolas faoin easnamh, cuirfimid an t-éileamh mar chuid den chéad aighneacht eile a chuirfear chuig an roinn rialtais nó chuig an eagraíocht stáit chuí don scéim teanga a bheidh á réiteach acu nó don athbhreithniú ar an scéim teanga reatha a bheidh ar bun acu gach tríú bliain. Cuirfidh an Conradh an duine ar aghaidh chuig Oifig an Choimisinéara Teanga sa chás go bhfuil an t-iarratas clúdaithe faoi scéim teanga nó faoi rialacháin Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cuirfimid comhairle ar fáil duit chomh maith agus tú a chumasú chun d'aighneacht féin a scríobh chuig an roinn nó eagraíocht stáit chuí.
Is féidir leat an t-eolas a chur ar aghaidh chugainn go simplí:
- Cuir ríomhphost chugainn ag glacleis@cnag.ie;
- Cuir glaoch orainn ag 01 4757401
- Cuir cárta poist chugainn (beidh siad siúd ar fáil timpeall na tíre go luath)
Beidh duine ó fhoireann Chonradh na Gaeilge i dteagmháil leat go luath chun cabhrú leat.
GLAC LEIS san Eoraip
Le 27 ballstát, tá 23 teanga oifigúil & an iliomad teangacha réigiúnacha & mionlaigh san Aontas Eorpach.
Tá an Ghaeilge mar cheann de na 23 theanga le stádas oifigiúil san Aontas Eorpach. Ciallaíonn sé sin:
• Gur féidir leat doiciméad a chur chuig institiúidí an Aontais Eorpaigh i nGaeilge
• Gur féidir leat freagra a fháil ó na hinstitúidí i nGaeilge
• Go bhfoilsítear rialacháin an Aontais Eorpaigh & doiciméidí reachtaíochta eile i nGaeilge.
Tá gach eolas faoi institiúidí, na teangacha oifigiúla, cúrsaí óige, deiseanna foghlama de chuid an Aontais Eorpaigh, & níos mó le fáil ar www.eumatters.ie agus tá leagan Gaeilge de, mar sin bí cinnte é a úsáid!
Arís, má tá aon cheist agat faoi do Ghaeilge agus conas gur féidir leat í a úsáid leis an Aontas Eorpach:
- Cuir ríomhphost chugainn ag glacleis@cnag.ie;
- Cuir glaoch orainn ag 01 4757401
- Cuir cárta poist chugainn (beidh siad siúd ar fáil timpeall na tíre go luath)
Beidh duine ó fhoireann Chonradh na Gaeilge i dteagmháil leat go luath chun cabhrú leat.
Faigheann Glac Leis cúnamh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha faoin tionscnamh An Eoraip A Chur In Iúl. Le haghaidh tuilleadh eolais, cliceáil ANSEO.




